Leabharlanna

Seirbhísí Ar Líne

Ríomhleabhair agus Ríomh-Chlosleabhair

Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar an tseirbhís. Beidh ort logáil isteach ansin ag úsáid bharrachód do chárta leabharlainne agus d'uimhir PIN.

Cuireann an tseirbhís seo idir R-Chlosleabhair agus R-Leabhair ar fáil do gach úsáideoir leabharlainne agus is féidir taitneamh a bhaint astu ar do ríomhaire pearsanta/ríomhaire glúine trí dul chuig an suíomh gréasáin (féach an nasc thuas) nó ar do ghléas soghluaiste tríd an aip BorrowBox.

Is féidir le húsáideoirí Apple dul chuig aipmhargadh iTunes agus BorrowBox a chuardach. Is féidir le húsáideoirí Android dul chuig aipmhargadh Google Play agus BorrowBox a chuardach. Do ghléasanna Kindle (Is é Kindle Fire an t-aon cineál Kindle amháin a thacaíonn le aip BorrowBox) téigh chuig aipmhargadh Amazon ag BorrowBox. Tar éis duit an aip a shuiteáil ar do ghléas leictreonach, cuardaigh Leabharlann Chontae Chorcaí sa réimse 'Leabharlann' agus ansin logáil isteach ar an ngnáthbhealach le do bharrachód leabharlainne agus d'uimhir PIN.

Gheobhaidh tú treoir shimplí d'úsáideoirí anseo (pdf) agus liosta de cheisteanna coitianta anseo (pdf).

Má tá deacrachtaí agat rochtain a fháil ar an tseirbhís nó úsáid a bhaint aisti, gheobhaidh tú cabhair ó support@bolindadigital.com.

Cé eile...?

Cé eile...? Treoir d’údair leanaí

Dearadh an acmhainn seo chun údair eile a mholadh a bhféadfadh leanaí taitneamh a bhaint as, cosúil leis na cinn a léigh siad cheana féin.

Chun rochtain a fháil air, logáil isteach le do chárta leabharlainne agus roghnaigh Leabharlann Chontae Chorcaí.

Oxford Art Online

Is acmhainn nuálach é Oxford Art Online inar féidir le húsáideoirí rochtain a fháil ar ábhar ollmhór tagartha ealaíne de chuid Grove Art Online agus Oxford in áit amháin. Is féidir leat rochtain a fháil ar an mbunachar sonraí anseo ach barrachód do chárta leabharlainne a chur isteach.

Oxford Music Online

Is tairseach é Oxford Music Online inar féidir le húsáideoirí teacht ar acmhainní ollmhóra tagartha ceoil Oxford in áit amháin. Tá athdhearadh ó bhonn déanta ar Grove Music Online, acmhainn atá ina chuid lárnach de Oxford Music Online, agus tá roinnt feabhsaithe feidhmiúla curtha leis freisin, chomh maith le hábhar nua. Is féidir leat rochtain a fháil ar an mbunachar sonraí anseo ach barrachód do chárta leabharlainne a chur isteach.