Leabharlanna

Seirbhísí Work Matters

Leabhair a bhaineann le réimse leathan ábhar idir chuardach poist, scileanna agallaimh agus trialacha síciméadracha chomh maith le bunú gnólachta, fiontraíocht agus scileanna meán sóisialta.

Rochtain ar r-leabhair, r-chlosleabhair, r-irisleabhair agus nuachtáin. Leabharlann Chontae Chorcaí Ar Líne.

Roghnaigh idir 500+ cúrsa ríomhfhoghlama chun cur le do scileanna agus ábhair suime.

Cúrsaí teanga ar líne.

Spás ar leith le haghaidh taighde agus obair a bhfuil rochtain ar ríomhairí le fáil ann.

Wi-Fi agus áiseanna priontála.

Saor in aisce do bhaill na leabharlainne. Tá sé éasca a bheith i do bhall den leabharlann. Ní gá duit ach cliceáil anseo agus an fhoirm bhallraíochta ar líne a líonadh isteach. Chomh luath agus a dhéantar do bhallraíocht a phróiseáil, beidh tú in ann acmhainní na leabharlainne a úsáid.

Imeachtaí a bhaineann le cuardach poist agus fiontraíocht. Má tá suim agat bheith i láthair, seol ríomhphost, le do thoil, chuig corkcountylibrary@corkcoco.ie agus cuirfear ar an liosta seachadta thú.