Leabharlanna

Úrscéalta Ranga

Cuireann Leabharlann Chontae Chorcaí scéim úrscéil ranga (pdf) ar fáil do bhunscoileanna an chontae. Tá an bailiúchán oiriúnach do gach rang ó na naíonáin shóisearacha go dtí rang a sé agus feidhmíonn an scéim mar seo a leanas:

  • Is féidir le múinteoirí go leor cóipeanna d'úrscéal amháin a fháil ar iasacht ar feadh téarma scoile amháin. Is féidir roghnú ó liosta de na teidil atá ar fáil i gcatalóg de chuid na scéime úrscéil ranga.
  • Ba chóir na leabhair a thabhairt ar ais go pras chun a chinntiú go gcomhlíonfar an chéad áirithint eile. Is féidir na leabhair a thabhairt ar ais don leabharlann bhrainse nó don leabharlann taistil Leabharlann Chontae Chorcaí is cóngaraí duit.
  • Ba chóir iarratais a chur i ríomhphoist chuig schools.library@corkcoco.ie ag sonraú ainm do scoil, an leabharlann bhrainse/leabharlann taistil áitiúil, an teideal atá uait agus an méid cóip is gá. 

Cuireann Leabharlann Chontae Chorcaí réimse leathan acmhainní agus imeachtaí ar fáil do scoileanna chun tacú le scileanna litearthachta, uimhearthachta, cruthaitheachta agus cumarsáide páistí a fhorbairt. 

Déan teagmháil linn ag schools.library@corkcoco.ie chun iarratas a chur isteach nó le tuilleadh eolais a fháil.