Pleanáil agus Forbairt

Achomhairc

Tá gnás achomhairc cuimsitheach in chuid dhílis den chóras pleanála.

Faoin gcóras sin, d'fhéadfadh aon chinneadh pleanála a dhéanann an tÚdarás Pleanála a bheith faoi réir athbhreithniú neamhspleách ón mBord Pleanála. 

Is féidir rochtain a fháil ar an leagan inphriontáilte den "Treoir chun Achomharc a Dhéanamh" anseo".

Tugann an bhileog seo sonraí faoi phríomhghnéithe an phróisis achomhairc agus tá sé i gceist go mbeadh sí ina treoir phraiticiúil do na nósanna imeachta atá leagtha síos faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú. Ní léirmhíniú dlíthiúil críochnúil den dlí pleanála í. NÍ bhaineann an Treoir seo le hiarratais dhíreacha a dhéantar chuig an mBord ar cheadanna / fhaomhadh pleanála maidir le forbairt bhonneagair straitéiseach. Féach an treoir ar leith atá ann do nósanna imeachta den chineál sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó d'Údarás Pleanála áitiúil, ar líne ag nó ag An Bord Pleanála nó ag an seoladh seo a leanas:

An Rúnaí,

An Bord Pleanála,

64 Sráid Marlborough,

Baile Átha Cliath 1.

Teil: 01 8588 100.