Pleanáil agus Forbairt

Bileoga Eolais Pleanála

Tá sraith bileoga pleanála foilsithe ag Oifig an Rialtóra Pleanála agus ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a phléann le gach gné den chóras pleanála. Clúdaíonn na bileoga seo raon leathan saincheisteanna lena n-áirítear conas iarratas pleanála a ullmhú agus a thaisceadh, conas achomharc pleanála a dhéanamh, ceanglais maidir le hathrú úsáide, síntí foirgneamh, garáistí, botháin tí, forbairt talmhaíochta, srl. Is féidir na bileoga a fheiceáil nó a íoslódáil tríd an nasc thíos.