Pleanáil agus Forbairt

Cad a dhéanaimid (Trácht agus Iompar)

Táimid mar chuid den fheidhm Pleanáil Chun Cinn, forannóg den Roinn Pleanála. Forbraímid Straitéisí Iompair do cheantair ina bhfuil daoine ina gcónaí i gContae Chorcaí. Oibrímid le comhghleacaithe Pleanála ar roinnt tionscadal ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le pleanáil iompair. Le linn roinnt mhaith dár gcuid oibre, oibrímid i gcomhar le Príomhpháirtithe Leasmhara Iompair ar leibhéal náisiúnta. Tar éis na céime pleanála, cuirimid tionscadail um iompar inbhuanaithe i bhfeidhm agus cabhraímid le feidhm Bainistíochta Forbartha Chomhairle Contae Chorcaí.