Pleanáil agus Forbairt

Cairéil

Cairéil Alt 261A An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000-2010, arna leasú.

Chuimsigh an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2010 agus an tAcht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 roinnt forálacha reachtúla nua; cuireadh tús leo seo ar an 15 Samhain 2011..

Déantar riachtanais na bhforálacha reachtúla sin a achoimriú mar seo a leanas:

(i) Éilítear ar údaráis áitiúla liosta iomlán de na cairéil ar fad atá ina ndlínse a dhéanamh

(ii) Laistigh de naoi mí óna gcuirtear na forálacha reachtúla i bhfeidhm, bhí ar gach údarás pleanála na cairéil incháilithe a aithint agus cinneadh a dhéanamh cibé an raibh nó nach raibh gá le Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT) nó Tástáil i leith Measúnú Oiriúnachta (MO) agus, da mba rud é go raibh gá leo, cibé an cuireadh i gcrích iad nó nár cuireadh

(iii) Nuair a chinneann an tÚdarás Pleanála go raibh gá le MTT nó MO (nó Tástáil den rud céanna) a dhéanamh ach nach ndearnadh é sin, eiseoidh an tÚdarás Pleanála, ag brath ar chinntí maidir le stádas pleanála an chairéil, fógra chuig úinéir nó oibritheoir an chairéil ag iarraidh air iarratas a dhéanamh don Bhord chun toiliú ionaid a fháil maidir leis an gcairéal, nó eiseoidh sé fógra chuig úinéir nó oibritheoir an chairéil ag iarraidh air a chuid gníomhaíochtaí a stopadh.

(iv) Tá sé de cheart ag oibritheoirí cairéal athbhreithniú de chinneadh an údaráis phleanála agus/nó a chinntí a éileamh ón mBord Pleanála.

Ba cheart a thabhairt faoi deara gur achoimre gearr ar impleachtaí na bhforálacha reachtúla thuasluaite iad na nithe thuasluaite agus gur féidir téacs iomlán an Achta um Pleanáil & Forbairt, 2000-2010 a rochtain anseo.

Rinne an Roinn Pleanála measúnú ar na cairéil ar fad i gceantair riaracháin Chomhairle Contae Chorcaí mar a éilítear faoi Mhír 261A den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000-2010, arna leasú. Is féidir rochtain a fháil ar shonraí na gcairéal a rinneadh measúnú orthu, chomh maith le tuarascálacha agus fógraí (más infheidhme) agus nasc chuig an léarscáil CFG a fháil ag an nasc a thugtar anseo thíos.

Déanfar an suíomh gréasáin a thabhairt suas chun dáta chomh luath agus a fhaightear na cinntí ón mBord Pleanála maidir le hathbhreithniú na bhfógraí nó na gcinntí a dhéantar maidir le Toiliú Ionaid.

Mír 261A Measúnú ar Chairéil

Achoimre ar na hIarratais ar Chlárúchán Cairéal a fuair Comhairle Contae Chorcaí (pdf)