Pleanáil agus Forbairt

Forbairtí Cónaithe ar Mhórscála (LRD)

Gheall an Clár don Rialtas – Ár dTodhchaí le chéile nach sínfear na socruithe um Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta (SHD) níos faide thar a ndáta éaga, 25 Feabhra 2022. Tá Gníomh 12.3 de Thithíocht do Chách tiomanta chomh maith do phróiseas pleanála nua a thabhairt isteach d'Fhorbairtí Cónaithe ar Mhórscála in ionad an phróisis SHD (Forbairt Straitéiseach Tithíochta). Is é príomhchuspóir an Achta um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (Forbairt Chónaithe ar Mhórscála) 2021 an próiseas pleanála dhá chéim a athbhunú, le cinnteoireacht d’iarratais den chineál Forbartha Cónaithe ar Mhórscála (LRD) ag filleadh ar an údarás pleanála áitiúil ar an gcéad dul síos, leis an gceart achomhairc chuig an mBord Pleanála (an Bord)  ina dhiaidh sin. Leis seo comhlíonfar na gealltanais atá luaite sa Chlár don Rialtas agus i dTithíocht do Chách.

Eolas ar Fhorbairt Chónaithe ar Mhórscála 

Foirm Iarratais Cruinnithe Forbartha Cónaithe ar Mhórscála

Foirm 19 - Le cur i dteannta le hIarratas ar Fhorbairt Chónaithe ar Mhórscála