Pleanáil agus Forbairt

Forfheidhmiú

Is í freagracht an Údaráis Phleanála cinntí pleanála a fhorfheidhmiú; tá cumhachtaí forfheidhmithe forleathana aige chun a chinntiú go ndéantar forbairt a chur i gcrích i gcomhréir le coinníollacha an Cheada Phleanála agus chun aon fhorbairt neamhúdaraithe a stopadh agus a chur ina ceart.

Ba cheart a bheith cúramach a chinntiú go ndéantar gach coinníoll a bhaineann le Cead Pleanála agus leis na pleananna ceadaithe a chomhlíonadh go hiomlán chun a leithéid de ghníomh forfheidhmithe a sheachaint, agus chun deacrachtaí a chosc nuair atá an réadmhaoin á díol níos déanaí. Féach an mhír ar fhorbairt phleanála neamhúdaraithe a chur ina ceart thíos.

 

Forbairt Neamhúdaraithe a Stopadh

Má cheapann tú go bhfuil duine éigin ag forbairt nó ag úsáid talún gan Chead Pleanála nó in aghaidh coinníollacha Cead Pleanála, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh i scríbhinn leis an Údarás Pleanála ag úsáid na Foirme Gearáin maidir le Forfheidhmiú. Seolfaidh an tÚdarás Pleanála Litir Rabhaidh chuig an duine atá i mbun na forbartha bunaithe ar shonraí an ghearáin a fuarthas ar an gcuntar go bhfuil a dhóthain eolais ar fáil chun a leithéid de litir a sheoladh. Déanfaidh an tÚdarás an t-ábhar a iniúchadh ina dhiaidh sin chun a chinneadh cibé an gá nó nach gá gníomh forfheidhmithe a ghlacadh.

Is féidir le haon duine iarratas a dhéanamh don Chúirt Chuarda nó don Ardchúirt ar ordú chun forbairt nó úsáid neamhúdaraithe talún a shrianadh, nó chun ordú a fháil ó na cúirteanna go gcloífí le coinníollacha an Cheada Phleanála. Tá na Cúirteanna freagrach as a dhéanamh cinnte go gcloítear le haon ordú a dhéantar.

Foirm Ghearáin maidir le Forfheidhmiú

Pionóis do Sháruithe a dhéantar ar an dlí Pleanála

Is cion é aon obair tógála a chur ar bun a bhfuil Cead Pleanála uaidh gan Cead Pleanála a fháil. Tá cumhacht ag Údaráis Phleanála forbairt neamhúdaraithe a stopadh, agus d'fhéadfadh go mbeadh costas ard ann dá bharr don chiontóir. D'fhéadfaí a iarraidh ort oibreacha neamhúdaraithe a chur i gceart, agus d'fhéadfaí a éileamh ort costais agus speansais a thabhaíonn an tÚdarás Pleanála a íoc. Ar chiontú sa Chúirt Chuarda, d'fhéadfaí fíneálacha troma a ghearradh ort, chomh maith le fíneálacha in aghaidh an lae má leanann an cion ar aghaidh agus/nó téarma príosúnachta sé mhí. Ar chiontú sna hArdchúirteanna, d'fhéadfaí fíneálacha níos troma fós a ghearradh ort, chomh maith le fíneálacha troma in aghaidh an lae má leanann an cion ar aghaidh agus/nó téarma príosúnachta dhá bhliain.

 

Forbairt Phleanála Neamhúdaraithe a chur ina Ceart

Is féidir botúin a dhéanamh i ngan fhios duit féin maidir leis an gá atá ann le Cead Pleanála. Má chuireann tú i gcrích forbairt neamhúdaraithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chead Pleanála chun í a choinneáil. É sin ráite, níor cheart an nós imeachta seo a úsáid chun an próiseas iarratais ar Chead Pleanála a sheachaint roimh obair tógála a thosú, ós rud é nach bhfuil ráthaíocht ann go bhfaighidh tú Cead Pleanála le coinneáil nó go bhféadfaí iarraidh ort athruithe costasach a dhéanamh.

Tá an táille chun iarratas a dhéanamh ar fhorbairt neamhúdaraithe a choinneáil trí huaire níos airde ná an táille le haghaidh iarratais a dhéantar ar fhorbairt bheartaithe. Ní chiallaíonn sé má thugtar cead pleanála chun forbairt a choinneáil go bhfuil tú saor ó gach cúis más rud é gur glacadh gníomh forfheidhmithe i d'aghaidh cheana féin. Má tá tú ag ceannach réadmhaoine, déan cinnte go bhfuair an foirgneamh féin agus aon síneadh nó athruithe a rinneadh air Cead Pleanála nó go bhfuil siad díolmhaithe ón riachtanas Cead Pleanála a fháil. D'fhéadfadh tusa, mar an t-úinéir nua, a bheith freagrach má ghlacfaí gníomh forfheidhmithe.

 

Faomhadh eile

Má fhaigheann tú Cead Pleanála, ní hé seo amháin a thabharfaidh cead duit d'fhorbairt bheartaithe a chur i gcrích. D'fhéadfaí faomhadh eile a iarraidh ort, ag brath ar an gcineál forbartha atá ann. Mar shampla, ní mór do gach foirgneamh, síneadh, claochlú agus athrú áirithe in úsáid an fhoirgnimh atá ann cheana cloí leis na Rialacháin Foirgníochta, ina leagtar amach na bunriachtanais deartha agus tógála. Is dócha go mbeidh Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteáin ag teastáil ó fhorbairtí neamhchónaitheacha faoi na rialacháin sin. D'fhéadfadh sé go mbeadh cead ag teastáil uait freisin chun ceangal a dhéanamh le príomhphíoba uisce nó leis an gcóras séarachais.

Is féidir bileoga eolais eile maidir le pleanáil lena n-áirítear 'Treoir maidir leis na Rialacháin Foirgníochta, PL. 11' a fháil anseo