Pleanáil agus Forbairt

Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2014

Plean Forbartha an Chontae a ullmhú 2022-2028

Ullmhaíodh Dréachtphlean Forbartha Contae Chorcaí 2021 de réir fhorálacha an Achta um Pleanáil & Forbairt, 2000 (arna leasú) agus tá sé ar taispeáint anois ar feadh 10 seachtaine de chomhairliúchán poiblí a mhairfidh suas go meán oíche Déardaoin 1 Iúil 2021. Tá an Dréachtphlean ar fáil le hiniúchadh agus le híoslódáil ag Corkcoco.ie.

Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2014

Ullmhaíodh Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2014 de réir na gcéimeanna atá leagtha amach sna hAchtanna Pleanála agus Forbartha.

Ghlac Comhaltaí Chomhairle Contae Chorcaí leis ar an 8 Nollaig 2014 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 15 Eanáir 2015. Táthar ag súil leis go mbeidh sé i bhfeidhm (faoi réir aon athraithe eatramhacha a d'fhéadfadh an Chomhairle a dhéanamh) go dtí deireadh 2020.

Is plean forbartha sé bliana é don Chontae a dhéanann iarracht machnamh reatha Chomhairle Contae Chorcaí ar bheartas pleanála a leagan amach chomh beacht agus is féidir agus í ag breathnú i dtreo bhliain na físe 2022. Leagan an plean amach freisin an straitéis pleanála agus forbartha inbhuanaithe don chontae a nach mór dó a bheith ag teacht leis an Stráitéis Spáis Náisiúnta 2002-2020 agus le Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha an Iar-Dheiscirt 2010-2022.

Is é an Plean Forbartha an príomhdhoiciméad maidir le beartas pleanála stráitéiseach an chontae. Tá léarscáileanna mionsonraithe zónála talamhúsáide do na príomhlonnaíochtaí sa chontae le fáil sna Pleananna Ceantair Áitiúil Toghcheantair agus sna Pleananna Ceantair Áitiúil Speisialta.

Athruithe ar Phlean Forbartha Contae Chorcaí 2014

Ghlac an Chomhairle le hAthrú Uimh.1 de Phlean Forbartha Contae Chorcaí, 2014 ar an 12ú Feabhra 2018. Ghlac an Chomhairle le hAthrú Uimhir 2 de Phlean Forbartha Contae Chorcaí, 2014 ar an 27ú Eanáir 2020. Tá tuilleadh sonraí maidir lena hathruithe ar Phlean Forbartha Contae Chorcaí ar fáil ag an nasc seo a leanas Corkcoco.ie.

Alt 31 - Dréacht-Treoir na hAire ar Athrú Uimh. 2 de Phlean Forbartha Contae Chorcaí 2014 (Ionaid Asraonta Miondíola)

Ar an 6ú Márta, 2020, chuir an tAire Tithíochta agus Pleanála Uirbeacha in iúl do Chomhairle Contae Chorcaí go raibh sé ar intinn aige Treoir a eisiúint de bhun Alt 31 den Acht Um Pleanáil Agus Forbairt, 2000(arna leasú). Baineann an Dréacht-Treoir Aireachta le hAthrú Uimh. 2 de Phlean Forbartha Contae Chorcaí 2014 (Ionaid Asraonta Miondíola)

Tháinig deireadh leis an Tréimhse Comhairliúcháin Phoiblí a bhaineann leis an dréacht-Treoir Aireachta an 27 Bealtaine 2020.

De réir Alt 31 (8) den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 (arna leasú) ullmhaíodh Tuarascáil ó Phríomhfheidhmeannaigh agus cuireadh í chuig na Comhaltaí Tofa, chuig Oifig an Rialaitheora Pleanála agus chuig an Aire Tithíochta agus Pleanála ar an 23ú Meitheamh. 2020.

Cliceáil ar an nasc thíos chun rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le hAlt 31 - Dréacht-Treoir na nAirí lena n-áirítear Tuarascáil na bPríomhfheidhmeannach faoi Alt 31 (8).

Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar Phlean Fobartha Chontae Chorcaí 2014.