Titiocht

Ceannach agus Athchóiriú

Tá an tionscnamh seo, a chuireann leis an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe, ceaptha freisin chun cabhrú le húdaráis áitiúla agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCT) leas a bhaint as an bpoitéinseal cóiríochta atá ag maoine áirithe folmha maidir lena n-úsáid mar thithíocht shóisialta. Ar aon dul síos leis an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe, tá an Scéim Ceannaigh agus Athchóirithe faoi réir: oiriúnacht na maoine le haghaidh tithíocht shóisialta, an bhail atá ar an maoin agus costas na bhfeabhsúchán.

Tá an-dúshlán ag baint leis an obair sin: d'fhéadfadh sé a bheith an-deacair agus an-chostasach maoin atá folamh agus tréigthe a athchóiriú.  Chomh maith le haghaidh a thabhairt ar cheantair ina bhfuil gá le tithíocht shóisialta leis an tionscnamh seo, oibríonn údaráis áitiúla chun ‘meascán tionachta’ cuí a chothú i bpobail agus féachfaidh siad chuige sin agus an Scéim Ceannaigh agus Athchóirithe á cur i bhfeidhm acu. 

Tá an Stiúrthóireacht Tithíochta ag obair i ndlúthchomhar leis na Ceantair Bhardasacha chun príomh-mhaoine straitéiseacha a d'fhéadfadh go mbeidh siad oiriúnach lena bhfáil faoin Scéim Ceannaigh agus Athchóirithe a aithint.  Amhail an 16 Feabhra 2018, tá iomlán de 203 mhaoin taifeadta ar www.vacanthomes.ie maidir le Comhairle Contae Chorcaí, atáthar á bhfiosrú faoi láthair.