Titiocht

Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos

Céard is Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos ann?

Is ionann tógáil ar cíos agus íocaíocht (cíos) a dhéantar chun úsáid chónaithe shealadach a bhaint as réadmhaoin atá faoi úinéireacht duine nó cuideachta eile (an tiarna talún). De ghnáth, bíonn comhaontú nó conradh cíosa i scríbhinn i gceist chun téarmaí na tógála ar cíos a leagan síos, téarmaí atá rialaithe agus bainistithe faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.

Bíonn ar an tionónta íocaíocht cíosa rialta a dhéanamh leis an tiarna talún agus, i bhformhór na gcásanna, éilítear éarlais roimh ré mar chineál sláníocaíochta.

Cad iad na cineálacha éagsúla tionóntachtaí atá ann?

Go traidisiúnta, tá trí chineál tionóntachta in Éirinn:

  • Tionóntachtaí Tráthrialta: féadann an tionóntacht seo a bheith ina chomhaontú seachtainiúil nó míosúil ag brath ar cén t-am a íocann tú do chíos. Níl méid ama seasta ag baint leis. Tá na tionóntachtaí seo bunaithe ar shocruithe neamhfhoirmeálta idir an tionónta agus an tiarna talún
  • Tionóntachtaí ar Théarma Seasta: tá an cineál seo tionóntachta bunaithe ar thréimhse áirithe ama atá leagtha síos i gconradh scríofa ar a ghlaoitear comhaontú léasa. Is conradh dlíthiúil é seo idir an tionónta agus an tiarna talún. Leagann an léas amach téarmaí an tsocraithe cíosa, m.sh. méid an chíosa, téarma an chomhaontaithe, oibleagáidí an tionónta agus an tiarna talún, agus cad a tharlaíonn má bhristear téarmaí an chomhaontaithe
  • Seomra ar cíos: sa chás seo tógann an tionónta seomra i mbaile an tiarna talún ar cíos agus cónaíonn sé leis an tiarna talún. Níl an tionóntacht seo rialaithe ag an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004
  • Leagtar amach na caighdeáin do thithe príobháideacha ar cíos sa reachtaíocht thuasluaite.  Tháinig Rialacháin na dTithe (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2017 i bhfeidhm ar an 1 Aibreán 2019
  • Freagrachtaí an Tiarna Talún: tá oibleagáid de réir dlí ar thiarnaí talún a chinntiú go gcoimeádtar bail mhaith ar a dtithe príobháideacha ar cíos (lena n-áirítear teach nó árasán). Tá sé de dhualgas ar thiarnaí talún a chinntiú go bhfuil a ligean ag comhlíonadh na Rialachán i rith na tréimhse ligin

Déan teagmháil le:  Iniúchtaí ar Chóiríocht Phríobháideach ar Cíos, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh.

Seol ríomhphost chuig housing@corkcoco.ie  nó bain úsáid as ár  Foirm Fiosrúcháin ar Líne.