Titiocht

Conas a cheannaím mo theach?

Tugadh an Scéim Cheannaigh (Incriminteach) ag Tionóntaí (pdf) isteach i mí Eanáir 2017 in ionad gach Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí a bhí ann roimpi.

Ní mór duit a bheith i do thionónta ar mhaoin de chuid an Údaráis Áitiúil atá ar fáil lena díol agus ní mór go mbeadh tacaíocht tithíochta sóisialta á fáil agat ar feadh 10 mbliana ar a laghad agus bunioncam inríofa (ioncam ó gach foinse) €12,500 agat.

Faoin Scéim, íocann tionónta de chuid Chomhairle Contae Chorcaí praghas lascainithe don údarás i gcomhréir lena ioncam chun an teach a cheannach. Agus an díolachán curtha i gcrích, cuireann an t-údarás Muirear Ceannaigh Incrimintigh ar an teach arb ionann é agus comhréir dá luach cothrom leis an lascaine.

Má thuilleann tú €12,500 - €20,000  Lascaine 60% Tréimhse an Mhuirir 30 bliain
Má thuilleann tú €20,001 - €29,999  Lascaine 50% Tréimhse an Mhuirir 25 bliana
Má thuilleann tú €30,000+  Lascaine 40% Tréimhse an Mhuirir 20 bliain

Laghdófar an Muirear Ceannaigh Incrimintigh go náid thar thréimhse an mhuirir in eisiúintí incriminteacha bliantúla de 2% ar an gcoinníoll go gcloíonn an ceannaitheoir le téarmaí agus coinníollacha an ordaithe aistrithe.

Déan teagmháil linn: Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh.

Teil 021 4285226 nó 021 4285585 Seoladh ríomhphoist: TPS2016@corkcoco.ie nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin  Ar Líne