Titiocht

Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas

Deontais gur féidir leat iarratas a dhéanamh orthu, ag baint úsáid as an bhfoirm seo

Tá trí dheontas ar fáil do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas chun a dteach a dhéanamh níos sábháilte agus níos inrochtana. Is iad na deontais ná:

  • Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas (leathanach 3-4)
  • Deontas Tithíochta le haghaidh Áiseanna Soghluaisteachta (leathanach 5)
  • Deontas um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta (leathanach 6-7)

Chun an fhoirm iarratais a íoslódáil i nGaeilge nó i mBéarla téir chuig na naisc seo a leanas: Form Iarratais Deontas um Oiriúnú Tithe do Sheanóirí agus do Dhaoine faoi Mhíchumas nó  Application Form - Housing Adaptation Grants for Older People and People with a Disability (pdf).

 

Caithfidh an duine lena mbaineann an deontas na pointí seo a leanas a shásamh:

  • Ba chóir go bhfuil an t-iarratas ar dheontas ceadaithe sula dtosnaíonn an obair ar an mbaile;
  • A bheith ag cónaí sa teach nuair a bheidh an obair críochnaithe;
  • A chuid gnóthaí cánach a bheith in ord acu;
  • Imréiteach cánach a bheith acu ó na Coimisinéirí Ioncaim má tá an deontas de shuim níos mó ná €10,000;
  • A bheith in ann a thaispeáint go bhfuil an Cháin Mhaoine Áitiúil don teach in ord.

Seicliosta le haghaidh doiciméad le seoladh leis an bhfoirm seo

Chun cabhrú leat, tá seicliosta ar fáil ar leathanach 20 ag tabhairt liosta de na cáipéisí go léir a chaithfidh tú a sheoladh leis an bhfoirm. Cuimhnigh, ní mór duit cruthúnas ioncaim a sheoladh chun an méid deontais is féidir leat a fháil a fheiscint.

Le haghaidh deontas 1 agus 2 caithfidh do dhocthúir Teastas Dochtúra a líonadh ar leathanach 17-18. Léigh an seicliosta seo - go hidéalach sula dtosnaíonn tú ag líonadh na foirme - agus dein cinnte go seolfaidh tú na doiciméid go léir in éineacht le d’fhoirm iarratais líonta.

Féadfaidh tú sonraí Bheartas Cosanta Sonraí agus Ráitis Phríobháideachta Chomhairle Contae Chorcaí a léamh i bhformáid chrua ach iad a iarraidh trí theagmháil dhíreach a dhéanamh le Comhairle Contae Chorcaí nó ag www.corkcoco.ie.

Cá háit a seolfaidh tú d’fhoirm líonta

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh chuig Comhairle Contae Chorcaí, Rannóg na nDeontas Tithíochta ag úsáid na foirme seo le haghaidh aon cheann de na deontais thuasluaite. D'fhéadfá an fhoirm seo a líonadh uair amháin agus í a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar níos mó ná deontas amháin. Ba chóir iarratais líonta a sheoladh chuig Rannóg na nDeontas Tithíochta Chomhairle Contae Chorcaí, Annabella, Mala, Co. Chorcaí.

Ceisteanna? Má tá aon cheist agat féin, nó ag an duine a líonfaidh an fhoirm seo, dein teagmháil leis an seoladh seo chun cúnamh a fháil:

Rannóg na nDeontas Tithíochta , Comhairle Contae Chorcaí, Annabella, Mala, Co. Chorcaí:

Guthán: (022) 30421, (022) 30415, (022) 30465, (022) 30476 nó (022) 30492

Ríomhphost: privatehousegrants@corkcoco.ie.