Titiocht

Freagrachtaí na Comhairle

Cinnteoidh an Chomhairle go ndéanfar aon tionscadal/obair/obair thógála/chothabháil/obair dheisiúcháin ar an áit chónaithe a thagann chun cinn i gcomhréir lena freagrachtaí de réir an Chomhaontaithe Ligin, agus a ndéanfar ar a rogha féin, i gcomhréir le riachtanais na Rialachán um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Foirgníocht), 2013 (pdf).

I gcoitinne, tá an Chomhairle freagrach as na gnéithe a bhaineann le struchtúr ár maoine, amhail na gnéithe a liostaítear thíos, a dheisiú agus a chothabháil nuair a thagann fadhbanna chun cinn mar gheall ar ghnáthchaitheamh agus ar ghnáthchuimilt. Tabhair faoi deara nach liosta iomlán é.

Struchtúr na hÁite Cónaithe:

  • Díonta (lena n-áirítear leacáin/sclátaí, barrchaidhpeanna mullaigh agus cláir binne)
  • An chuid sheachtrach den simléar agus na barrchaidhpeanna, na héadain agus na tairr
  • Ballaí agus síleálacha seachtracha na háite cónaithe (lena n-áirítear plástráil, rindreáil agus blocobair/brícobair), frámaí fuinneoga agus saiseanna ar gá iad a athrú
  • Doirse agus frámaí doirse seachtracha, gan hanlaí dorais, glais agus boscaí litreacha san áireamh
  • Taise thromchúiseach taobh istigh de bharr fadhbanna a bhaineann le creatlach na háite cónaithe agus nach mbaineann le mí-úsáid an fhoirgnimh m.sh. gaothairí a bhlocáil nó éadach a thriomú taobh istigh gan aeráil cheart, srl.
  • Gáitéir agus fánphíobáin a dheisiú agus a chothabháil

Deisiúcháin Leictreacha:

  • Sreangú leictreach 
  • Deisiúcháin ar shoicéid, lasca solais, cithfholcadáin (seachas cithfholcadáin a chuir an tionónta isteach), cláir fiúsanna

Deisiúcháin Pluiméireachta:

  • Umair stórála uisce 
  • Buacairí, cúlchoirí agus sorcóirí uisce te a dheisiú 
  • Sconnaí 
  • Píobáin agus draenacha dramhaíola seachtracha
  • Babhlaí agus sistéil leithris, scoite nó ag sileadh mar gheall ar ‘gnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt’

Fearais Chócaireachta agus Téimh:

  • Tumthéitheoirí a dheisiú agus/nó a athsholáthar

Déan Teagmháil Linn:

Corcaigh Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Áras an Chontae, Corcaigh  Teil: 021 4285302.

Corcaigh Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí Teil: 022 30469.

Corcaigh Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí  Teil: 023 8863728.