Titiocht

Gearáin faoi Chóiríocht Phríobháideach ar Cíos

Ba cheart do thionóntaí atá ina gcónaí i gcóiríocht ar cíos nach gcomhlíonann na caighdeáin ábhartha, i dtús báire, dul i dteagmháil lena dtiarna talún chun deis a thabhairt don tiarna talún an fhadhb a réiteach. Más rud é gur chuir tionónta an gá le haghaidh deisiúcháin in iúl don tiarna talún, ach nár réitigh an tiarna talún an fhadhb, féadfaidh an tionónta an t-ábhar a chur ar aghaidh go dtí Roinn Tithíochta an Údaráis Áitiúil lena imscrúdú. Eiseoidh an Roinn Tithíochta foirm ghearáin don tionónta, agus ba cheart don tionónta an fhoirm sin a líonadh isteach go hiomlán (ag cur ar fáil a shonraí, sonraí an tiarna talún/an ghníomhaire chomh maith leis na sonraí iomlána a bhaineann lena ghearán/bhuarthaí/cheisteanna).

Ní féidir déileáil le gearáin sna cásanna seo a leanas:

  • Gearáin gan ainm
  • Nuair nach mbaineann an t-ábhar le caighdeáin tithíochta
  • Nuair nach dtugtar a dhóthain eolais le go ndéanfar imscrúdú
  • Nuair atá an tionónta chun deiridh leis an gcíos

Déan teagmháil le:  Iniúchtaí ar Chóiríocht Phríobháideach ar Cíos, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh

Seol ríomhphost chuig housing@corkcoco.ie  nó bain úsáid as ár  Foirm Fiosrúcháin ar Líne.