Titiocht

Ar líne ÍCT Hiarratais

Chuir an Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh, an chuid Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) laistigh den Roinn Tithíochta, tús le Tairseach Iarratais nua ar líne le haghaidh saoránaigh atá i dteideal Tithíocht Shóisialta agus ba mhian leo iarratas a chur isteach ar ÍCT.

Tá ríméad orainn an próiseas iarratais ar líne nua do ÍCT a sheoladh. Níl sé seo riachtanach ach le haghaidh iarratasóirí nua. Ní gá dóibh siúd a rinne iarratas cheana féin iarratas a dhéanamh arís. Creidimid go ndéanfaidh an tairseach nua ar líne an próiseas iarratais níos éifeachtúla agus níos éasca do chách.

Is tacaíocht airgeadais é ÍCT chun cabhrú leo siúd a bhfuil lóistín ar cíos acu go príobháideach, atá incháilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta.

Beidh an tairseach ar líne beo ar Dé Luain, 18 Nollaig d’iarratasóirí i gCathair agus i gContae Luimnigh. Ciallaíonn sé seo go mbeidh aon duine atá i dteideal Tithíocht Shóisialta agus atá ag iarraidh iarratas a chur isteach le haghaidh ÍCT in ann é a dhéanamh ar líne.

Cinntíonn iarratas ar líne go gcuirtear an fhaisnéis riachtanach ar fad isteach ag am an iarratais lena n-áirítear na doiciméid riachtanacha go léir. Dá bharr seo, déileáilfear na hiarratais agus na cáipéisí i mbealach tráthúil agus éifeachtúil.

Is é Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) ná tacaíocht tithíocht shóisialta dóibh siúd in a bhfuil tithíocht fadtéarmach de dhíth.

Ní mór d’iarratasóirí ar ÍCT a bheith ar liosta feithimh Tithíochta a nÚdarás Áitiúil sular féidir leo an fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú – tá uimhir Tithíocht Shóisialta bhailí ag teastáil don iarratas.

Tabhair aird le do thoil ar an gcomhairle seo a leanas maidir le tionóntachtaí ÍCT:

  • Déan cinnte go bhfuil do shonraí teaghlaigh suas chun dáta
  • Déan cinnte go bhfuil do shonraí teaghlaigh suas chun dáta.
  • Le do thoil, seol chugainn fianaise d'athrú ar do chúinsí airgeadais trí ríomhphost chuig  hap@corkcoco.ie. Iarraimid go mbeidh aon cháipéisí ón Roinn Coimirce Sóisialaí i bhfoirm mar scanadh/mar ghrianghraf agus go seolfar é trí ríomhphost chuig d'údarás áitiúil.

An bhfuil mé incháilithe chun iarratas a chur isteach?

Ní mór do dhaoine a dhéanann iarratas ar ÍCT a bheith ina n-iarratasóirí cáilithe ar thithíocht sular féidir leo iarratas a dhéanamh. Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun faisnéis a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tithíochta sóisialta.

Conas a oibríonn sé

Má tá tú incháilithe mar iarratasóir tithíochta ceadaithe, ní mór duit do lóistín atá ar cíos go príobháideach féin a aimsiú (laistigh de theorainneacha cíosa áirithe). Íocfaidh an tÚdarás Áitiúil an tiarna talúin go díreach agus íocfaidh an tionónta cíos chuig an t-údarás áitiúil bunaithe ar an scéim cíosa difreálach. Beidh an cíos bunaithe ar d'ioncam teaghlaigh seachtainiúil agus oibríonn sé sa bhealach céanna a oibríonn na cíosanna difreálacha atá gearrtha do thithe údaráis áitiúla.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar cháipéisí Tionónta & Tiarna Talún sna cáipéisí tacaíochta thíos.
 

Conas iarratas a chur isteach le haghaidh ÍCT ar líne

Ag déanamh Íocaíochta – Ag íoc do Chíos ÍCT Seachtainiúil

Aip ÍCT - Íoslódáil san Aipmhargadh Play  (Uimhir Aitheantais agus UAP an Fhaighteora ÍCT ag teastáil)
Ar líne ag  happayments.limerick.ie (Uimhir Aitheantais agus UAP an Fhaighteora ÍCT ag teastáil)
Cuir glaoch ar: (061) 529654 (Uimhir Aitheantais agus UAP an Fhaighteora ÍCT ag teastáil)
Cárta Íocaíochta Bille ÍCT in aon oifig an phoist nó i siopa POSTPOINT

Má tá deimhniú Uimhir Aitheantais ÍCT/UAP ag teastáil uait, téigh i dteagmháil le: 

Ionad Seirbhísí Comhroinnte ÍCT

Guthán: (061) 556600 (Rogha 1 – tionóntaí) or hapcollections@limerick.ie

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun tuilleadh eolais a fháil faoi Rochtain na Scéime ÍCT.

Eolas Teagmhála

Ionad Seirbhísí Comhroinnte ÍCT

Guthán: (061) 556600

Rogha 1 do thionóntaí

Rogha 2 do thiarnaí talún

ÍCT Comhairle Contae Chorcaí 

ÍCT Ceisteanna Ginearálta Guthán: (021) 428 5321

Cabhair shonrach le d’iarratas ar líne Guthán: (021) 428 5321