Titiocht

Measúnú Bliantúil ar Riachtanais Tithíochta

Ar an 20 Eanáir 2018, d'fhoilsigh Damien English, an tAire Stáit ag an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil an Achoimre ar Mheasúnuithe ar Tithíochta Sóisialta (AMTS) do 2017.

Tiomsaíonn an tuarascáil faisnéis arna cur ar fáil ag údaráis áitiúla ar theaghlaigh ina limistéar feidhme atá cáilithe le haghaidh tacaíochta tithíochta sóisialta ach nach bhfuil freastal á dhéanamh ar a gcuid riachtanais tithíochta. Cuirtear na torthaí sin i gcomparáid le torthaí a foilsíodh in 2016 inti freisin. 

Ar fud na tíre, bhí 85,799 dteaghlach ann a measadh go raibh siad incháilithe le haghaidh tacaíocht tithíochta;

Tháinig méadú 8.3% ar liosta feithimh tithíochta Chomhairle Contae Chorcaí ó AMTS 2016:-

  • 4,241 in 2016
  • 4,591 in 2017

Tá (56.2%) dóibh siúd atá cáilithe le haghaidh tacaíochta tithíochta sóisialta dífhostaithe.

I gContae Chorcaí, ar an dá réasún is mó luaite ar thacaíocht tithíochta sóisialta a bheith de dhíth, bhí Gá le forlíonadh cíosa (39%) agus Cúinsí áirithe teaghlaigh (42%).

Teaghlaigh duine aonair atá i nach mór 44% de na teaghlaigh uile ar an liosta.

Déanfar measúnaithe amach anseo ar bhonn bliantúil.  Tá an MRT 2018 ar bun faoi láthair agus tá iarrtha ar Údaráis Áitiúla a bhfigiúirí ón measúnú a chur isteach ar an 29 Meitheamh 2018. 

Tá sé ríthábhachtach go nglacann gach iarratasóir faofa ar thacaíocht tithíochta sóisialta a fhaigheann foirmeacha nuashonraithe AMTS don mheasúnú reatha nó do mheasúnuithe amach anseo páirt sa phróiseas agus go gcuireann siad na foirmeacha comhlánaithe ar ais laistigh de na spriocdhátaí a leagtar amach dóibh.   

Mura ndéantar amhlaidh, dúnfar iarratais na ndaoine nach fhreagraíonn.