Titiocht

Nuashonrú Seirbhíse Covid- 19

De réir Threoirlínte COVID-19 na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Cosanta Sóisialta, is féidir le tionóntaí Chomhairle Contae Chorcaí agus custaiméirí HAP / RAS iarratas a dhéanamh chun a gcíos a athmheas.

Ba chóir do gach tionónta atá ag lorg laghdú cíosa mar gheall ar chaillteanas tuillimh nó fostaíochta de bharr an phaindéim COVID-19 dearbhú ar ioncam laghdaithe óna bhfostóir nó ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Cosaint Shóisialta a scanadh / a phostáil chuig na sonraí teagmhála ábhartha a leanas:

  • Is féidir le tionóntaí HAP / RAS an ríomhphost a sheoladh chuig hap@corkcoco.ie 
  • Is féidir le tionóntaí Chomhairle Contae Chorcaí an ríomhphost sin a sheoladh chuig rentassessment@corkcoco.ie
  • Seoladh poist: HAP / RAS - Rannóg Tithíochta, Urlár 4, Comhairle Contae Chorcaí, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh, Éire Eircode: T12 R2NC
  • Tionóntaí Chomhairle Contae Chorcaí - Aonad Measúnaithe Cíosa, Oifigí Chomhairle Contae Chorcaí, Sráid Cheannt, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí. P85 X375

Tabharfaidh sé sin deis dúinn athmheasúnuithe a thosú chomh tapa agus is féidir. Má tá moill ama ann maidir leis an íocaíocht cíosa a athrú déanfar coigeartuithe a shiardhátú. Chuirfimis béim ar cé chomh tábhachtach atá sé go leanfadh tionóntaí ag íoc cíosa go dtí go mbeidh an t-athmheasúnú críochnaithe.

Cuireann an Rannóg Roghanna Tithíochta roinnt Seirbhísí Tithíochta ar fáil taobh amuigh den soláthar díreach tithíochta a dhéanann Comhairle Contae Chorcaí. Cuimsíonn seirbhísí den chineál sin éascú thithíocht na gComhlachtaí Ceadaithe Tithíochta agus na hearnála cíosa príobháidigh chomh maith le léasú a tharlaíonn trí na Scéimeanna atá faofa ag an Roinn.  Éascaíonn an rannóg seo ceannach réadmhaoine do thionóntaí agus soláthraíonn sí iasachtaí tithíochta do thionóntaí agus d'iarrthóirí cáilithe eile tríd an Scéim Cheannaigh Incrimintigh do Thionóntaí agus trí Scéim Iasachtaí Tithíochta 'Rebuilding Ireland'.