Titiocht

Rialacháin na dTithe (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2019

Leagtar amach na caighdeáin do thithe príobháideacha ar cíos sa reachtaíocht thuasluaite.  Tháinig Rialacháin na dTithe (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2019 i bhfeidhm ar an 1 Aibreán 2019.   

Is é príomhchuspóir na rialachán sin ná íoschaighdeáin a leagan síos chun sláinte agus folláine tionóntaí a chosaint, íoschaighdeáin a chinntíonn go bhfuil tithe príobháideacha ar cíos sábháilte agus oiriúnach le cónaí iontu.  

Cad iad Freagrachtaí an Tiarna Talún?

Tá oibleagáid de réir dlí ar thiarnaí talún a chinntiú go gcoimeádtar bail mhaith ar a dtithe príobháideacha ar cíos (lena n-áirítear teach nó árasán).  Tá sé de dhualgas ar thiarnaí talún a chinntiú go bhfuil a ligean ag comhlíonadh na Rialachán i rith na tréimhse ligin agus nuair a lorgaítear tionónta.

Forfheidhmiú na gCaighdeán Tithíochta i dTithe Príobháideacha ar Cíos             

Tá freagracht ag an údarás áitiúil ábhartha as forfheidhmiú na rialachán. Déanann cigirí ó na húdaráis áitiúla imscrúdú ar réadmhaoin cíosa chun a chinntiú go bhfuil siad ag comhlíonadh na rialachán, agus áit nach bhfuil an réadmhaoin comhlíontach, is féidir leo smachtbhannaí a chur ar thiarna talún lena n-áirítear ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche más gá. 

Tá tiarnaí talún nach gcomhlíonann a gcuid oibleagáidí dlíthiúla maidir lena dtithe príobháideacha ar cíos dlite le hionchúiseamh, agus ar chiontú, is féidir fíneáil nach airde ná €5,000 nó téarma príosúnachta nach mó ná 6 mhí nó an dá rud, chomh maith le fíneáil laethúil €400 do chion leanúnach, a ghearradh orthu.

Cáilitheacht agus Eisceachtaí:

Beidh na rialacháin leasaithe seo a leanas infheidhme maidir le gach cineál cóiríochta cíosa ach amháin na cineálacha seo a leanas:

  • Tithe saoire
  • Cóiríocht atá curtha ar fáil ag an FSS nó ag comhlacht ceadaithe tithíochta a bhfuil áiseanna sláintíochta, cócaireachta agus itheacháin comhroinnte inti.
  • Beidh tithíocht in-díshuite (m.sh. tithe soghluaiste) atá curtha ar fáil ag údarás tithíochta, cóiríocht atá ligthe ar cíos ag údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe tithíochta, díolmhaithe ó na riachtanais maidir le hullmhúchán bia, stóráil agus níochán. Sa chineál sin cóiríochta is é an tionónta a chuireann ar fáil na hearraí sin, ag coimeád

An mbaineann na rialacháin le foirgnimh liostaithe?

Chlúdaigh rialacháin 1993 foirgnimh liostaithe agus éileofar i gcónaí go gcomhlíonfadh siad riachtanais na rialachán nua. Tá úinéir nó cónaitheoir an struchtúir chosanta i dteideal iarraidh ar an údarás pleanála oibreacha a shainaithint ina bhfoirgneamh áirithe féin a mbeadh, nó nach mbeadh, cead pleanála ag teastáil uathu. Cuirfear comhairle ar thiarnaí talún dul i dteagmháil leis an oifigeach caomhantais san údarás áitiúil chun comhairle a fháil maidir le hoibreacha a chur ar bun. 

Cad iad príomhghnéithe na Rialachán?

Coinníoll Struchtúrtha – Rialachán 4

Ní mór bail mhaith a choinneáil ar an gcóiríocht ar cíos ó thaobh an struchtúir de. Ciallaíonn sé sin nach mór don áit chónaithe a bheith slán, agus bail mhaith a bheith ar an díon, na hurláir, an tsíleáil, na ballaí agus an staighre agus nach mbeadh drochthaise nó baol titime ann mar gheall go bhfuil na hearraí seo lofa nó lochtach ar aon bhealach. Ní mór fuinneoga atá suite níos mó ná 1400mm os cionn leibhéal na talún a fheistiú le sriantáin shábháilteachta.

Áiseanna Sláintíochta - Rialachán 5

Ní mór do gach cóiríocht ar cíos na háiseanna sláintíochta glanscartha seo a leanas a bheith acu:

•    Clóiséad uisce (leithreas), le báisín níocháin in aice leis a bhfuil soláthar uisce te agus fuar ann

•    Folcadán nó cithfholcadán, a bhfuil soláthar uisce te agus fuar ann

•    Ní mór na háiseanna sin a chur ar fáil i seomra atá glanscartha ag balla nó doras ó na seomraí eile agus a bhfuil aerú ar leith aige. 

Áiseanna Téimh – Rialachán 6

Ní mór go mbeadh gléas (nó gléasanna) feistithe sna seomraí inchónaithe a bhfuil in ann téamh éifeachtach a chur ar fáil. Ní mór go mbeadh an tionónta in ann feidhmíocht an ghléis téimh a rialú. 

Ní mór go mbeadh, más gá, bealach sábháilte agus éifeachtach ann chun múch a sheoladh amach san aer seachtrach.

Ba cheart gairis a bheith suite in áiteanna cuí chun gás aonocsaíd charbóin a bhrath agus rabhadh a thabhairt faoi.

Ullmhúchán, Stóráil agus Níochán Bia – Rialachán 7

Beidh na háiseanna glanscartha seo a leanas ag gach cineál cóiríochta ar cíos:

  • Iarta 4 fháinne le cócaireán agus gríoscán
  • Bealach sábháilte agus éifeachtach múch a sheoladh chuig an aer seachtrach trí chochall cócaireáin nó fean eastarraingthe
  • Cuisneoir agus reoiteoir
  • Oigheann micreathonnach
  • Doirteal le háit draenála 
  • Líon dóthanach cófraí cistine chun bia a stóráil
  • Meaisín níocháin laistigh den aonad cónaithe nó rochtain ar áis meaisín níocháin chomhroinnte laistigh de cúirtealáiste an fhoirgnimh
  • I gcásanna nach bhfuil gairdín nó clós ag an gcóiríocht lena n-úsáid go heisiach ag an gcóiríocht seo, ní mór triomadóir a chur ar fáil.

Aerú – Rialachán 8

Ní mór go mbeadh aerú dóthanach a bhfuil bail mhaith air agus atá in ordú maith oibre ag gach seomra ináitrithe. Ní mór cistineacha agus seomraí folctha a chur ar fáil a bhfuil aerú dóthanach acu (gaothaire eastósctha meicniúil) chun ceo uisce a sheoladh amach chuig an aer seachtrach.

Soilsiú – Rialachán 9

Ba cheart go mbeadh soilsiú nádúrtha dóthanach ag gach seomra ináitrithe; ní mór go mbeadh soilsiú saorga oiriúnach agus cuí ag gach seomra (lena n-áirítear na hallaí, staighrí agus ceann an staighre). Ní mór soilsiú éigeandála, nasctha le córais aláraim dóiteáin, a chur ar fáil i ngach aonad laistigh d'fhoirgneamh il-aonad. 

Sábháilteacht Dóiteáin – Rialachán 10

Tá sé i gceist idirdhealú a dhéanamh idir áiteanna cónaithe il-aonad agus aonad cíosa nach bhfuil mar chuid d'áit chónaithe il-aonad. 

•    Beidh ar áiteanna cónaithe il-aonad agus aonaid ar cíos aláram deataigh atá ceangailte leis an bpríomhlíonra, pluid dóiteáin, soilsiú éigeandála i gcomhlimistéir agus plean aslonnaithe éigeandála a bheith acu.

•    Ní mór d'aonaid chíosa nach bhfuil mar chuid d'il-aonad (tithe) pluid dóiteáin agus ar a laghad dhá aláram deataigh ceangailte leis an bpríomhlíonra nó ar a laghad dhá aláram deataigh cadhnra glanscartha a mhaireann 10 mbliana a bheith acu.

Ba cheart go mbeadh na haláram deataigh in ordú maith oibre agus laistigh dá dtáscaire "deireadh saoil".

Áiseanna Bruscair - Rialachán 11

Éileoidh na rialacháin leasaithe go mbeidh rochtain ag tionóntaí ar áiseanna stórála bruscair cuí atá lotnaid agus míolra-díonach. Measfar go bhfuil áiseanna stórála comhroinnte, nuair is iomchuí, ag comhlíonadh na rialachán. 

Suiteálacha Gáis, Ola agus Leictreachais – Rialachán 12

Ní mór bail mhaith a choinneáil ar shuiteálacha gáis, ola agus leictreachais sa teach agus go mbeadh siad in ordú sábháilte oibre. 

Faisnéis – Rialachán 13

Ba cheart faisnéis leordhóthanach a thabhairt don tionónta faoin réadmhaoin.

Cad iad na hathruithe a tugadh isteach faoi Rialacháin 2019?

Déanann na Rialacháin um Thithíocht (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2019 maoirseacht ar rialacháin 2017 den ainm céanna.

Thug Rialacháin 2019 ceanglais bhreise isteach a bhaineann le tithe arna ligean ag údaráis tithíochta nó ag comhlachtaí tithíochta ar feadh íostréimhse léasa 10 mbliana.