Titiocht

Scéim Cúnaimh Caipitil

Tá an Roinn ag glacadh le hiarratais ar chistiú caipitil le haghaidh cur i gcrích, trí thógáil nó cheannach, cóiríochta tithíochta a fhreastalóidh ar ghrúpaí tosaíochta faoin Scéim Cúnaimh Caipitil (SCC), amhail daoine gan dídean (lena n-áirítear "daoine atá ag fágáil ionaid chúraim" agus ag fágáil chúram an Stáit nuair a bhaineann siad 18 bliana d'aois amach), daoine scothaosta agus daoine atá faoi mhíchumas le béim faoi leith, ach ní hamháin, ar dhaoine faoi mhíchumas a bhogadh ó láthair chomhchónaithe go hionaid um maireachtáil phobalbhunaithe.

Iarrann Comhairle Contae Chorcaí aighneachtaí mar seo a leanas:

Tograí nua SCC maidir le tógáil agus ceannach a bhaineann go sonrach le soláthar cóiríochta chun riachtanais na spriocghrúpaí ar fad faoin SCC a chomhlíonadh.  Beidh ar gach Comhlacht Ceadaithe Tithíochta cloí leis an gciorclán Scéim Cúnaimh Caipitil (pdf) - Gairm Tograí a dhéanann cur síos ar shonraí na scéime (agus ciorcláin ábhartha eile) lena n-áirítear:

  • Ceannach aonad
  • Tógáil aonad nua
  • Na critéir atá le húsáid ag na hÚdaráis Áitiúla agus tograí á measúnú acu
  • Cíosanna
  • Comhlíontacht leis an gCód Rialála Deonach
  • Creat Eiticiúil agus Nochtadh Leasanna

Glacfar le tograí ar "bhonn atrátha".

Cliceáil ar na naisc seo a leanas le haghaidh Foirm Iarratas don Scéim Cúnaimh Caipitil (pdf).

Déan Teagmháil Linn: Breeda Murphy, Oifigeach Riaracháin, Roghanna Tithíochta, Urlár 4, Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh. Éirchód: T12R2NC

nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.