Titiocht

Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe

Is é príomhchuspóir na scéime seo ná tithíocht shóisialta a chur ar fáil go tapa, trí dhíriú ar aonaid fholmha nach dteastaíonn ach mionoibreacha uathu a dheisiú. 

Ón 1 Feabhra 2018, leathnaíodh an scéim chun Socruithe Infhaighteachta Cíosa (SIC) a chur san áireamh, a fhágfaidh an rogha ag iarratasóirí freagrachtaí tiarna talún a ghlacadh orthu féin, rud a chiallaíonn go mbeidh siad in ann leas a bhaint as 12% cíos sa bhreis (92% v 80%); laghdú ar íosmhéid théarma an léasa ó 10 mbliana go 5 bliana; maoiniú breise ar fáil i gcás go raibh an mhaoin ina mionárasán roimhe; leathnú ar an scéim chun maoin nua atá folamh (12 mhí ar a laghad) ach neamhchríochnaithe a chur san áireamh.  

De réir Thionscnamh Deisiúcháin agus Léasaithe na Tithíochta Foilmhe, d'fhéadfaí go maoineofar oibreacha deisiúcháin agus feabhsaithe ar mhaoine oiriúnacha folmha chun go gcomhlíonfaidh siad na caighdeáin a bhaineann le cóiríocht ar cíos agus bainfear costas na n-oibreacha ansin ó íocaíochtaí an léasa thar thréimhse aontaithe an léasa.

Tá roinnt riachtanas ann maidir leis an Tionscnamh:

  • Caithfidh an mhaoin a bheith folamh le 12 mhí ar a laghad.
  • Caithfidh éileamh tithíocht sóisialta a bheith ann ar an maoin.
  • Caithfear a mheas go bhfuil an mhaoin oiriúnach chun cóiríocht a chur ar fáil.
  • Braitheann íostéarma an léasa ar chostas na n-oibreacha deisithe, ach is é 10 mbliana íostéarma an léasa agus 20 bliain uastéarma an léasa.
  • Beidh  na híocaíochtaí léasa bunaithe ar na téarmaí ginearálta maidir le léasú sóisialta atá socraithe mar 80% (85% i gcás árasán) de rátaí cíosa reatha an mhargaidh i suíomh na maoine.  Déanfar coigeartú eile ar an íocaíocht léasa chun costas na n-oibreacha deisiúcháin/feabhsúcháin a chúiteamh go dtí go mbeidh costas na n-oibreacha aisíoctha. 
  • Aontaítear scóip agus costas na n-oibreacha agus aisghabháil chostas na n-oibreacha trí íocaíochtaí na léasa idir úinéir na maoine agus Comhairle Contae Chorcaí.
  • Níl an tionscnamh ar fáil maidir le maoin a ligean ar cíos ar bhonn príobháideach.

Cabhróidh Comhairle Contae Chorcaí le húinéirí maoine scóip na n-oibreacha a fhorbairt agus cabhróidh sí le húinéir na maoine na hoibreacha deisiúcháin a chur i gcrích freisin.  Foirne Chomhairle Contae Chorcaí a dhéanann cigireacht ar mhaoin, chun na hoibreacha atá de dhíth chun go gcomhlíonfaidh an t-áitreabh na gcaighdeán riachtanach a aithint.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe.

Sonraí Teagmhála : Rannóg na nDeontas Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Annabella, Mala, Co. Chorcaí,

Teil: 022 30476 nó 022 30492, seoladh ríomhphoist: repairandleasing@corkcoco.ie chun tuilleadh eolais a fháil nó úsáid ár bhfoirm fiosrúcháin ar líne.