Titiocht

Scéim Rogha Tithíochta

Tá bealach nua, ar a nglaotar Scéim Rogha Tithíochta (SRT), tugtha isteach ag Comhairle Contae Chorcaí chun áiteanna cónaithe a ligean ar cíos d'iarratasóirí.  Tá sé i bhfeidhm i gCorcaigh Thuaidh ó bhí Samhain 2016 ann agus i gCorcaigh Theas agus i gCorcaigh Thiar ó bhí Márta 2017 ann.

Oibríonn an scéim ar an mbunús go bhfógraítear áiteanna cónaithe atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin tiomnaithe, www.cbl.corkcoco.ie ar bhonn seachtainiúil nuair ata siad ar fáil agus iarrtar ar iarratasóirí léiriú spéise a chur isteach maidir le háit chónaithe a bhfuil suim acu inti.  

Go dtí seo, ar feadh an chontae, breathnaíodh ar an gcóras níos mó ná 262,512 uair agus cuireadh 34,022 léiriú spéise isteach.

An toradh a bhí leis ná gur thit na rátaí diúltaithe go 6% agus glacadh le 245 mhaoin as na 246 mhaoin a fógraíodh ó seoladh an córas.

Leis an Scéim Rogha Tithíochta, is féidir leat do shuim a léiriú i réadmhaoin oiriúnach de chuid na comhairle i do rogha ceantair a thógáil ar cíos. Fógrófar áiteanna cónaithe ar bhonn seachtainiúil ó 00.00 ar an gCéadaoin go 23.59 ar an Máirt dar gcionn. Ba cheart d'iarratasóirí ar thithíocht iarracht a dhéanamh logáil isteach gach seachtain chun na háiteanna cónaithe atá ar fáil an tseachtain sin a sheiceáil agus ní mór dóibh siúd atá ag iarraidh léiriú spéise a chur isteach déanamh amhlaidh roimh 23.59 ar an Máirt. Is ionann réadmhaoin ‘oiriúnach’ agus réadmhaoin atá roghnaithe agat chun do spéis a léiriú inti agus a chomhlíonann do riachtanais tithíochta. 

Tabhair faoi deara nach measfar ar dtús ach teaghlaigh ar iarratasóirí iad agus a bhfuil spéis léirithe acu in áit chónaithe de réir na Scéime Rogha Tithíochta a dtagann comhdhéanamh a dteaghlaigh leis an gcineál réadmhaoine e.g. má tá tú faofa le haghaidh aonad ag a bhfuil trí sheomra leapa agus má léiríonn tú spéis in aonad a bhfuil ceithre sheomra leapa, d'fhéadfaí nach measfar thú. Ina theannta sin, tabhair faoi deara go mbeidh ort logáil isteach gach seachtain le feiceáil cé acu an bhfuil tú ag iarraidh spéis a léiriú sna maoine a fhógraítear an tseachtain sin nó nach bhfuil. 

Seolfar foláireamh téacs seachtainiúil chuig d'fhón póca freisin má fhógraítear réadmhaoin ar féidir leat spéis a léiriú inti ar an gCóras Rogha Tithíochta. Is féidir leat na táibléid a chuirtear ar fáil in oifigí do chomhairle áitiúla nó na háiseanna idirlín i do bhrainse áitiúil den leabharlann a úsáid freisin.

Féach ár gCeisteanna Coitianta (pdf) maidir leis an Scéim Rogha Tithíochta le haghaidh tuilleadh eolais nó bain úsáid as ár bhfoirm fiosrúcháin ar líne don cheantar ina bhfuil tú:

Sonraí Teagmhála : Scéim Rogha Tithíochta (SRT),  Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Halla an Chontae, Corcaigh

Teil: 4386635 nó úsáid ár