Titiocht

Scéim Tosaíochta Chomhairle Contae Chorcaí Do Shocruithe Ceannaigh Áit Chónaithe Inachmhainne

Réamhrá: 

Mar a ghlac Comhairle Contae Chorcaí leis ar an 25ú Iúil, 2022. 

Is é cuspóir na Scéime Tosaíochta seo ná an bealach a leagan amach ina gcuirfidh Comhairle Contae Chorcaí socruithe ceannaigh áit chónaithe inacmhainne ar fáil, agus an mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun an t-ord tosaíochta a thabharfar do theaghlaigh incháilithe a chinneadh i gcás ina sáróidh an t-éileamh ar shocruithe den sórt sin an líon áiteanna cónaithe atá ar fáil. 

Déantar an Scéim Tosaíochta seo faoi Alt 11 den Acht Tithíochta Inacmhainne 2021 (Uimh. 25 de 2021). Déanfar incháilitheacht teaghlach a mheas de réir Alt 11 den Acht na dTithe Inachmhainne 2021 (Uimh. 25 de 2021) agus Rialachán 5 de na Rialacháin um Thithíocht Inacmhainne (Uimh. 2) 2022 (I.R. Uimh. 184 de 2022). 

Cuid 1: An modh ina gcuirfear Áiteanna Chónaithe Inacmhainne ar Fáil 

1. Sa chás go bhfuil sé i gceist ag an gComhairle áiteanna cónaithe a chur ar fáil in áit nó in áiteanna ar leith le haghaidh socruithe ceannaigh áit chónaithe inacmhainne de réir an Achta, déanfaidh sí an méid seo a leanas: 

     1.1. Ríomh, de réir na reachtaíochta ábhartha, na teorainneacha ioncaim ábhartha chun incháilitheacht teaghlaigh a chinneadh do gach chineál áit chónaithe a chuirfear ar fáil.

     1.2. Roimh an dáta a bhfuil na réadmhaoine áirithe le bheith críochnaithe, fógraítear infhaighteacht na réadmhaoine i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear laistigh den limistéar riaracháin agus ar shuíomh            gréasáin na Comhairle.

      1.3. Áireofar leis an t-eolas a chuirfear ar fáil san fhógra beidh:

             1.3.1. an suíomh/na suíomhanna, uimhreacha agus sonraí an chineáil/na gcineálacha áiteanna cónaithe atá le cur ar fáil,

             1.3.2. nach mbeidh na háiteanna cónaithe ar fáil i gcoitinne ach do cheannaitheoirí céaduaire, le heisceachtaí áirithe;

             1.3.3 go ndíolfar na háiteanna cónaithe ar phraghas atá níos ísle ná an luach margaidh, an praghas sin a bheidh le cinneadh de réir ioncam an cheannaitheora, agus go nglacfaidh an Chomhairle sciar                cothromais de réir céatadáin san áit chónaithe is ionann agus an difríocht idir luach margaidh an áit chónaithe agus an praghas a d'íoc an ceannaitheoir, arna curtha in iúl mar chéatadán de luach                                      margaidh an áit chónaithe; 

             1.3.4. go bhféadfaidh an ceannaitheoir cothromas na Comhairle a fhuascailt ina dhiaidh sin trí íocaíochtaí a dhéanamh leis an gComhairle; 

             1.3.5. go gcuirfear na háiteanna cónaithe ar fáil d'iarratasóirí incháilithe de réir scéim tosaíochta na Comhairle; beidh dáta agus am an iarratais ar cheann de na critéir ar a dtabharfar tosaíocht d'iarratais            incháilithe. Cuirfear an pobal ar an eolas faoin áit ar féidir an scéim a fháil. 

              1.3.6. na praghsanna íosta a bheidh le híoc ag ceannaitheoirí incháilithe i leith áiteanna cónaithe agus na teorainneacha ollioncaim tipiciúla maidir le hincháilitheacht i leith gach cineál áit chónaithe; 

              1.3.7. an tslí inar féidir iarratas a dhéanamh, lena n-áirítear cá háit ar féidir an fhoirm iarratais agus sonraí breise a fháil, an dáta óna nglacfaidh an Chomhairle le hiarratais, na doiciméid is gá a bheith in            éineacht leis an bhfoirm iarratais agus an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais den sórt sin; 

2. Ní meastar iarratais ach do na háiteanna cónaithe atá ina n-ábhar d'fhógra. Ní mór do theaghlach iarratas ar leith a chur isteach le haghaidh gach fógra nuair is mian leo go meastar é i leith na réadmhaoine san fhógra. 


Cuid 2: Ord Tosaíochta do Theaghlaigh Incháilithe 


3. I gcásanna inar sáraíonn líon na n-iarratasóirí incháilithe líon na n-áiteanna cónaithe atá ar fáil le ceannach, úsáidfear an scéim seo chun ord tosaíochta na n-iarratasóirí uile a chinneadh. 

4. Sannfar ordú iarratais d'iarratais a fhaightear roimh an dáta deiridh. Measfar iarratais a chomhlíonann na critéir incháilitheachta de réir dealraimh, ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn an teaghlach an iarratasóra, a bheith incháilithe chun an scéim tosaíochtaí seo a chur i bhfeidhm, de réir Rialacháin um Thithíocht Incheannaithe (Uimh. 2) 2022 (I.R. Uimh. 184 de 2022), faoi réir deimhniú níos déanaí trí fhianaise dhoiciméadach a thabhairt ar aird maidir le hincháilitheacht.

5. Cinnfidh an Chomhairle ansin cé acu de na cineálacha áit chónaithe atá ar fáil a d'fhreastalódh go leordhóthanach ar riachtanais tithíochta teaghlach iarratasóra. D'fhéadfaí a mheas go bhfreastalaíonn níos mó ná cineál amháin áit chónaithe go leordhóthanach ar riachtanais chóiríochta tí ar leith, ionas gur féidir tosaíocht a thabhairt do theaghlach is iarratasóir do níos mó ná cineál amháin áit chónaithe, i gcás inar chuir siad a leithéid de spéis in iúl ina bhfoirm iarratais. 

Cineál Áit Chónaithe: Áit Chónaithe le trí sheomra leapa - Freastalaítear ar riachtanais chóiríochta: Teaghlaigh de bheirt ar a laghad

Cineál Áit Chónaithe: Áit Chónaithe le ceithre sheomra leapa - Freastalaítear ar riachtanais chóiríochta: Teaghlaigh de thriúr ar a laghad



      5.2. Sa chás, tar éis an critéar i gCuid 5.1 a chur i bhfeidhm, go sáraíonn líon na n-iarratasóirí incháilithe líon na n-áiteanna cónaithe a ndearnadh iarratais ina leith fós, tabharfar tosaíocht do na hiarratasóirí              incháilithe, de réir an dáta agus am ina bhfuarthas a n-iarratas. 

      5.3 Maidir le cineálacha áit chónaithe eile nach bhforáiltear dóibh faoin gcritéar i gCuid 5.1, i gcás ina sáraíonn líon na n-iarratasóirí incháilithe líon na n-áiteanna cónaithe a ndearnadh iarratais ina leith, tabharfar      tosaíocht do na hiarratasóirí incháilithe de réir an dáta agus am ina bhfuarthas a n-iarratas. 

6. Ina theannta sin, maidir le 30 faoin gcéad de na háiteanna cónaithe, gurb ábhar d'iarratais a nglactar leo faoi Rialacháin 5(1) & 5 (2) de na Rialacháin um Thithíocht Incheannaithe (Uimh. 2) 2022 (I.R. Uimh. 184 de 2022), tabharfaidh an Chomhairle tosaíocht do theaghlaigh ar an mbealach seo a leanas:-

     6.1 I gcás inar sáraíonn líon na n-iarratasóirí líon na n-áiteanna cónaithe Incheannaithe lena ndíol, tabharfaidh an t-údarás tithíochta tosaíocht, i ndáil le haon chineál áirithe áit chónaithe, do theaghlaigh a mbeadh    freastal leordhóthanach á dhéanamh ar a riachtanais chóiríochta de réir an chineáil áit chónaithe atá i gceist de réir alt 5.1 thuas. 

     6.2 Más rud é, tar éis tosaíocht a thabhairt d'iarratasóirí bunaithe ar mhéid an teaghlaigh de réir roinn 5.1 thuas, go bhfuil líon na n-iarratasóirí a dtugtar tosaíocht dóibh fós níos mó ná líon na n-áiteanna cónaithe  inacmhainne atá le díol, tabharfaidh an Chomhairle tosaíocht bhreise do theaghlaigh mar seo a leanas:

     6.3 Tabharfar tús áite do theaghlaigh incháilithe a bhfuil a seoladh reatha mar atá tugtha san fhoirm iarratais laistigh de Cheantar Bardasach na scéime inacmhainne ábhartha nó laistigh de 10km ón scéim inacmhainne ábhartha sin. 

     6.4 Sa chás go sáraíonn líon na n-iarratas incháilithe, tar éis na critéir thuas a chur i bhfeidhm i gCuid 5.1 agus i gCuid 6.3, líon na n-iarratas incháilithe fós líon na n-áiteanna cónaithe a ndearnadh iarratais ina leith, tabharfar tosaíocht do na hiarratasóirí incháilithe de réir dáta agus am go bhfuarthas a n-iarratas. 

7. Chomh maith le fianaise a chur isteach maidir le critéir incháilitheachta teaghlaigh, féadfar doiciméid bhreise a iarraidh ar iarratasóirí chun a n-áit a mheas san ord tosaíochta faoi na critéir atá leagtha amach sa Scéim Tosaíochta seo. Ní mór an t-iarratas seo a dhéanamh agus a shásamh sula dtairgtear Socrú Ceannaigh Áit Chónaithe Incheannaithe.