Eolas Tábhachtach Maidir le Scéimeanna Tithíochta Inacmhainne atá le Teacht

*Uasdátú dar dháta 24ú Feabhra

Fógróidh Chomhlairle Contae Chorcaí, in am trátha, na scéimeanna tithíochta inacmhainne faoi seach, tráth a bhfuil siad le tosú. Is go poiblí a fhógrófar na scéimeanna ar shuíomh gréasáin na Comhlairle, ar na meáin shóisialta agus sna meáin chlóite. Sna fógraí, cuirfear na páirtithe leasmhara i dtreo an tsuímh gréasáin/ardáin ar líne chuí agus ón áit sin, beidh siad in ann rochtain a fháil ar na cáipéisí faoi seach (form iarratais, CCanna, critéir cháilitheachta, teorainn ioncaim, Comhaontú Tosaíochta, tréimhsí ama, srl) agus iarratas a dhéanamh tríd an tairseach ar líne.

Scéimeanna atá le Teacht:

Tá na scéimeanna seo a leanas le tosú sna míonna  amach romhainn:

Scéimeanna Tithíochta Inacmhainne atá le Teacht
Suíomh na Scéime Líon Aonad Cineál Aonad Ar fáil le hIarratas a Dhéanamh
Mainistir Fhear Maí (Rathealy Close) 20 Tithe 3 sheomra leapa Ráithe 1 de 2024
Cloich na Coillte (The Miles) 22 Tithe 2 nó 3 sheomra leapa Ráithe 2 de 2024

Céimeanna chun iarratas a dhéanamh:

Step 1:

Clárú:

  • Cláraigh leis an ardán ar líne. Beidh an t-eolas seo a leanas ag teastáil: d’ainm iomlán, seoladh ríomhphoist agus uimhir fóin atá bailí agus in úsáid. Gheobhaidh tú uimhir dheimhnithe clárúcháin trí théacs a chuirfidh tú isteach chun an próiseas suiteála a chríochnú.

Céim 2:

Logáil isteach:

  • Ina dhiaidh seo beidh tú in ann logáil isteach ar an ardán ar líne chun tús a chur le d’iarrtas. Mar chuid den logáil isteach seo, gheobhaidh tú uimhir dheimhnithe trí théacs chuig do ghléas móibíl. Beidh ort an cód 6 uimhir seo a chur isteach chun logáil isteach.

Céim 3:

An tIarratas:

  • Feicfidh tú roinnt táb agus caithfear gach ceann acu a chomhlíonadh. Uaslódáil cáipéisí i gcomhaid íomhánna amháin m.sh JPEG nó PDF nó PNG.

Cáipéisí riachtanacha chun tacú le d’iarratas ar an tairseach ar líne.

  • Fianaise ar acmhainn an ceannachán a mhaoiniú:

Litir Faofa i bPrionsabal (AIP) i gcomhair morgáiste ina ndeimhnítear an morgáiste is mó atá ar fáil duit. Ní mór don AIB teacht ó cholúnbhanc. Is iad na colúnbhainc ná: Banc na hÉireann, AIB, PTSB, Haven, EBS nó Iasacht Tí ó Údarás Áitiúil.

Níl uirlisí áireamháin ar líne inghlactha ach amháin go dtí go bhfaigheann tú do Litir Faofa i bPrionsabal i gcomhair morgáiste. Ní féidir linn próiseáil iomlán a dhéanamh ar iarratas gan Litir Faofa i bPrionsabal i gcomhair an mhorgáiste is mó a fháil.

  • Fianaise ar Shaoránacht: Pas Reatha
  • Fianaise ar an gCeart Cónaí in Éirinn do gach iarrathóir nach as an AE/LEE dóibh: Stampa 4 BNGSI
  • itheantas fótagrafach: Pas nó ceadúnas tiomána reatha
  • Fianaise ar Ioncam agus UPSP/Uimhir Chláraithe Cánach:

Fostaithe ÍMATL: Teastas turastail, líonta ag d’fhostóir, agus achoimre ar shonraí fostaíochta (P60 mar a tugadh air roimhe seo) atá ar fáil ó www.revenue.ie/MyAccount.

Féin-Fhostaithe: Cáipéisí don 2 bhliain roimhe seo: -  Cuntais Iniúchta/Deimhnithe, ráiteas Comhardaithe Cánacha agus Admháil Íocaíochta Cánach.

Muna raibh aon fhostaíocht agat nó má bhí tú dífhostaithe le linn aon cheann den 2 bhliain seo caite:

Ráiteas ar an méid iomlán de shochair a fuair tú ó Leas Sóisialta i ngach aon bhliain. Is féidir é seo a iarraidh trí ríomhphost ó d’oifig leasa shóisialta/oifig Intreo áitiúil.

  • Fianaise ar Sheoladh Reatha nach bhfuil níos sine ná 3 mhí

Ceann amháin de na cáipéisí seo a leanas: Ráiteas bainc/ráiteas comhair chreidmheasa nó bille fóntais (leictreachas, gás, idirlíon, fón póca nó teileafón) reatha.

  • Fianaise ar choigilteas/taisce

Ráitis ó na 6 mhí seo caite do gach cúntas bainc, idir chuntais reatha, chuntais choigiltis, chuntais Revolut, chuntais chomhair chreidmheasa & chuntais an Poist srl do gach iarrathóir in ord dáta seicheamhach.

  • Fianaise ar stádas mar cheannaitheoir céaduaire agus cáilitheacht  i gcomhair na scéime Cabhair le Ceannach

Iarratas críochnaithe Cabhar le Ceannach le faomhadh deimhnithe. Ní mór ainm(eacha) an iarrthóra/na n-iarrthóirí mar aon le UPSN agus an teidlíocht is mó faoin scéim a bheith ar an bhfaomhadh. (Tabhair faoi deara nach n-áirítear iarrthóirí mar cheannaitheoirí céaduaire ach amháin má tá an BHEIRT iarrthóirí ag ceannach a dtí den chéad uair.)

Murar chuir tú isteach ar Chabhair le Ceannach go fóill, ba cheart duit é sin a dhéanamh anois ar www.revenue.ie.

Mura mbeidh tú ag cur isteach ar Chabhair le Ceannach, iarrtar ort deimhniúchán sínithe agus dátaithe agat féin a chur isteach ina maítear gur ceannaitheoir céaduaire thú, nár cheannaigh tú teach roimhe seo agus nach mbeidh tú ag baint leasa as Cabhair le Ceannach.

Ní mór do gach iarratasóir a bheith ina Cheannaitheoir Céaduaire nó na heisceachtaí faoin bPrionsabal um Thús Úr a chomhlíonadh nó teaghais a bheith aige/aici nach n-oireann, mar gheall ar a mhéid, do riachtanais chóiríochta reatha theaghlach an iarratasóra.