Slí an Atlantaigh Fhiáin

Téann Slí an Atlantaigh Fhiáin , arna forbairt ag Fáilte Éireann, 2,500km ar feadh bhord farraige iarthar na hÉireann agus is í an bealach cósta turasóireachta sonraithe is faide ar domhan, ag síneadh ó Chionn tSáile in Iarthar Chorcaí go Dún na nGall.

Bíonn cuairteoirí faoi gheasa ag tírdhreacha agus muirdhreacha suntasacha Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Ar feadh an bhealaigh aitheanta turasóireachta, tá 188 Pointe Radhairc, gach ceann acu ag ar féidir radhairc shuntasacha a fháil ar an tírdhreach fiáin garbh. Tugann na cláir léirmhínithe a suiteáladh le déanaí léargas do chuairteoirí ar scéalta saibhre na gceantar áitiúil. 

Tosaíonn Slí an Atlantaigh Fhiáin ó dheas i mbaile cósta Chionn tSáile, 20 nóiméad ó dheas ó Chathair Chorcaí agus a haerfort agus a calafort idirnáisiúnta.  Cosúil le réigiún níos leithne Iarthar Chorcaí, tá clú ar an mbaile mar gheall ar a bhia sómasach agus is é an tairseach chuig cósta theas Iarthar Chorcaí é.  Is é an Seancheann buaicphointe na coda seo de Shlí an Atlantaigh Fhiáin.  Ainmnithe mar cheann de na trí phointe sár-radhairc i gCorcaí, ar an lomán suntasach tá Teabhar an tSeanchinn a athchóiríodh le déanaí, ónar féidir an-radhairc a fháil ar chósta theas na hÉireann, agus Gairdín Cuimhneacháin an Lusitania a forbraíodh le déanaí.

Tá 3 Phointe Sár-Radhairc in Iarthar Chorcaí. Oileán Baoi, Carn Uí Néid agus an Seancheann. An t-oileán is faide siar ar a bhfuil daoine ina gcónaí i gCorcaigh, tá Oileán Baoi scartha ón mórthír ag sunda caol atá aitheanta dá thaoidí láidre. Is féidir an t-oileán a bhaint amach ar an aon charr cábla amháin atá in Éirinn, carr cábla a oibríonn ag thart ar 250m os cionn na farraige. Is féidir le seisear é a úsáid ag aon am amháin (tugtar tús áite do mhuintir an oileáin) ar an turas 15 nóiméad. Gan siopaí, tithe tábhairne ná bialanna air, is féidir le cuairteoirí lae éalú ó thrup trap an tsaoil nua-aimseartha ar an oileán beag suaimhneach seo. Tá trí shráidbhaile bheaga air, áfach, agus tá sé mar chuid de Rian Siúlóide Shlí Bhéarra. Is áit iontach í Oileán Baoi chun breathnú ar an bhfiadhúlra, toisc go bhfuil réimse éan le feiceáil air, speicis neamhchoitianta ón tSibéir agus ó Mheiriceá san áireamh. Is minic a fheictear deilfeanna agus míolta móra sna huiscí thart timpeall ar an oileán freisin.

Suite 8km on nGóilín, is áit dhraíochtúil é Carn Uí Néid. An áit is faide siar ó dheas in Éirinn, tá stáisiún comharthaíochta ann a tógadh chun beathaí a chosaint ón gcladach creagach. Críochnaíodh é i 1910 agus is ann a bhí an chéad rada-rabhchán in Éirinn i 1931. Tá ionad cuairteoirí agus caifé agus siopa féiríní ann. Chomh maith leis sin, tá ionsamhlóir áiseanna loingseoireachta ann, taispeántar geolaíocht an réigiúin, insítear scéal Marconi sa Chruachán agus pléitear caitheamh aimsire na gcoimeádaithe tí solais. Nuair a bheidh do thuras timpeall an ionaid cuairteoirí críochnaithe, téigh amuigh agus lean an cosán síos na 99 gcéim cháiliúla agus thar an droichead stuach a bhreathnaíonn síos san altán. Téann an bealach seo go dtí an stáisiún comharthaíochta, atá ar oscailt don phobal.

Is cuid an-shuntasach d'Éirinn é an Seancheann agus é ag gobadh amach níos mó ná 3km san Aigéan Atlantach. Lonnaithe ar Chósta Thiar Theas Chontae Chorcaí.  Bhí cáil ar an Seancheann mar gheall ar a theach solais, a bhunaigh Robert Reading sa 17ú haois. Is é seo an píosa talún is gaire don áit a ndeachaigh an RMS Lusitania go tóin poill i 1915, tar éis gur bhuail toirpéad de chuid na Gearmáine é. Cailleadh nach mór 1,200 duine san eachtra.