Carn Uí Néid

Tá droichead coisithe drámatúil ar Charn Uí Néid, an t-aon bealach isteach go dtí an teach solais agus an Stáisiún Comharthaíochta.

Bunaithe chun beatha daoine a shábháil ar chósta marfach na hÉireann, tá Stáisiún Comharthaíochta Charn Uí Néid lonnaithe ag an bpointe is faide thiar theas in Éirinn agus tá sé oscailte don phobal.

Tá an Stáisiún Comharthaíochta achar gearr siúlóide ón gcarrchlós, síos 99 céim agus trasna an Droichid Áirsigh aitheanta. Tá clú ar Charn Uí Néid freisin mar áit ar féidir míolta móra agus deilfeanna a fheiceáil chomh maith le bláthanna fiáine.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi uaireanta oscailte agus cead isteach cliceáil anseo