Leabharlann Bhaile Bhuirne

Leabharlann Bhaile Bhuirne-Ballyvourney Library External

Uaireanta Oscailte 

Dé Máirt agus Dé hAoine: 10.00r.n. - 1.00i.n. & 2.00i.n. - 5.30i.n. (Dúnta  1.00 - 2.00i.n.).

Dúnta ar an Luan, ar an gCéadaoin, ar an Deardaoin agus ar an Sathairn. 

Dúnta ar Shatharn an Deire-Seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Cuireann Leabharlann Bhaile Bhuirne réimse seirbhísí ar fáil do dhaoine fásta agus páistí inar féidir leo leabhair, closleabhair, scannáin ar DVDanna, dlúthdhioscaí agus CD-ROManna a fháil ar iasacht. Tá R-irisleabhair agus seirbhís mhór r-chlosleabhar agus r-leabhar ar fáil do bhaill na leabharlainne chomh maith.

Tá The Irish Examiner, The Corkman, Woman's Way agus roinnt foilseacháin thréimhsiúla ar fáil le léamh sa leabharlann. 

 

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Bhaile Bhuirne. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.
 
 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach
Daite A4 60 cent san leathanach.
** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!
 
3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store.
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 
* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.
** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.
***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.
Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive (pdf)

 

Imeachtaí

Is grúpa comhrá Gaeilge é 'Leabhair Linn Sa Leabharlann' a bhuaileann le chéile ar an dara hAoine den mhí ag 11 rn sa leabharlann.

Club Leabhar do Dhaoine Fásta - cruinniú míosúil a bhíonn ar siúl de ghnáth ar an gcéad Mháirt den mhí ag 10.30 rn.

Grúpa Cniotála/Ceardaíochta - gach Máirt ag 11 arn

Bíonn amanna scéalaíochta do pháistí agus imeachtaí ceardaíochta ar siúl sa leabharlann ó am go chéile. Bíonn imeachtaí ceardaíochta do dhaoine fásta ar siúl go tréimhsiúil chomh maith.

Other activities are held throughout the year, including involvement in the Bealtaine Festival, Seachtain Na Gaeilge, Science Week and Children's Book Festival.

Eagraítear imeachtaí éágsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge, i bhFéile na Bealtaine, Clár Ealaíona an tSamhraidh, agus féile Leabhar na bPáisti.

Rochtain Idirlín / Internet Access

Is féidir leis an bpobal an t-idirlíon a úsáid ar na ríomhairí poiblí sa leabharlann. Moltar ríomhaire a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi saor in aisce ann do bhaill na leabharlainne chomh maith.

Treoracha go dtí an Leabharlann

Tá Leabharlann Bhaile Bhuirne suite ar thaobh na láimhe deise agus tú ag teacht isteach sa tsráidbhaile ó Chorcaigh. Is foirgneamh é a bhfuil aghaidh ghorm air agus tá sé suite díreach os comhair Co-op Superstores