Leabharlann Bhaile Mhistéala

Mitchelstown Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n. (Dúnta 1.00 - 2.00 i.n.)

Dúnta ar an Luan.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Tá an stoc leabhar i Leabharlann Mhistéala méadaithe go dtí thart ar 15,000 mír anois agus cuireann sí réimse leathan leabhar ar fáil do dhaoine fásta agus páistí, leabhair ar théipeanna, dlúthdhioscaí agus DVDanna san áireamh. Tá na spáis do pháistí agus do dhéagóirí glan geal agus tá rogha ábhair faoi Bhaile Mhistéala agus ábhair a scríobh muintir Bhaile Mistéala ar fáil ar na seilfeanna i Rannóg na Staire Áitiúla. Cuirtear spás geal compordach ar fáil dár léitheoirí nuachtán agus irisleabhar, agus tá spás ann le haghaidh gnáthléitheoirí mar aon le háiteanna le haghaidh staidéir.

Leithreas poiblí ar fáil.

 

Rochtain Idirlín 

Tá ríomhairí poiblí ar fáil sa leabharlann agus tá Wi-Fi saor in aisce ann do bhaill na leabharlainne.

 

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Baile Mhistéala. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

 

Imeachtaí 

Bíonn imeachtaí agus taispeántais éagsúla ar siúl sa leabharlann i rith na bliana, lena n-áirítear gníomhaíochtaí d’Fhéile na Bealtaine, don Chlár Ealaíon

Samhraidh agus d’Fhéile Leabhar na Leanaí.

Bíonn Am Scéalaíochta Réamhscoile ar siúl ar an tríú Satharn den mhí.

Tagann an Club Leabhar le chéile ag 11.30 r.n. ar an gcéad Mháirt den mhí.

Tagann an Grúpa Cniotála le chéile ag 4 i.n. - 5.30 i.n. gach Céadaoin.

Tagann Grúpa na Scríbhneoirí ar gach re Aoine sa choicís agus an Ciorcal Cainte le chéile gach re Aoine eile.

Féadfar imeachtaí eile a bheith eagraithe i rith na bliana, a mbíonn fógraithe go háitiúil agus ar leathanaigh meán sóisialta Leabharlann Chontae Chorcaí.

Fáilte roimh chách! Téigh i dteagmháil le do thoil le Leabharlann Bhaile Mhistéala chun sonraí faoi aon chruinniú grúpa nó imeacht a bhfuil suim agat iontu a dhearbhú.