Leabharlann Charraig Uí Leighin

Carrigaline Library Exterior

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n.

Dúnta ar an Luan.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leathan leabhar, leabhair ar théipeanna agus ar dhlúthdhioscaí san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann Charraig Uí Leighin. Tá rogha leabhar tagartha ginearálta ar nós ciclipéidí agus foclóirí ar fáil sa leabharlann freisin. Tá bailiúchán DVDanna le haghaidh daoine fásta agus páistí ar fáil sa leabharlann freisin.

Seo iad na nuachtáin agus na hirisleabhair atá ar fáil le léamh sa leabharlann: the Irish Examiner, the Irish Times, the Southern Star, Carrigdhoun, Hello, Woman's Way agus Phoenix. 

Leithreas poiblí ar fáil.

 

Rochtain Idirlín

Internet access is available on public computers. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi ar fáil freisin do bhaill na leabharlainne.

 

Priontáil cianda

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Charrraig Uí Leighin. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin, bailigh do bheart phriontála ag an both féinseirbhíse sa leahbrlann, roimh ama scoir gnó an lá dar gcionn.

 

A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

A4 dubh agus bán 30 cent san leathanach

Daite A4  €1.20 san leathanach.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

 

2.) Ó do bhrabhsálaí:

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry):

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do phost priontála á bhailiú agat.

Bróisiúr cianda priontála

Treoracha chun Self-Print a úsáid - an tSeirbhís Priontála Shoghluaiste

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

 

Imeachtaí 

Bíonn Am Scéalaíochta do pháistí ar siúl gach Aoine ag 3:00pm

Bíonn Ceadal Gramafóin ar siúl ar an tríú Déardaoin den mhí ag 11 am

Bíonn club leabhar do dhaoine fásta ar siúl ar an gcéad Chéadaoin den mhí ag 11am.

Bíonn grúpa cniotála ar siúl gach Máirt ag 2.30pm.

Eagraíoann Age Action ranganna ríomhaireachta do thosaitheoirí, Getting Started Computer Training, sa leabharlann maidin Chéadaoin idir 10.00 am agus 12.00.

Chun clárú don chúrsa seo, cliceáil ar an nasc seo chun an fhoirm a líonadh isteach, nó déan teagmháil leis an leabharlann, le do thoil

Bíonn taispeántais amharc-ealaíne ar siúl ó am go chéile. Déan teagmháil leis an leabharlann, le do thoil, chun tuilleadh sonraí a fháil.

Reáchtálann an leabharlann ócáid don ghrúpa gníomhaíochta lucht scoir áitiúil gach 6 seachtaine, a bheag nó a mhór. Déan teagmháil leis an leabharlann chun tuilleadh sonraí a fháil.

Eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhFhéile Bríde, Féile na Bealtaine agus Féile Leabhar na bPáistí.

 

Déan Teagmháil linn

Treoracha go dtí an Leabharlann: Agus tú ag teacht ó Chorcaigh, téigh ar an N28 agus fan air go dtí Timpeallán Pháirc Shannon. Tiomáin díreach tríd an timpeallán seo agus lean ar aghaidh tríd an chéad dhá thimpeallán eile chomh maith. Nuair a thagann tú chuig an séipéal, tiomáin díreach ar aghaidh go dtí an tSráid Mhór. Téigh thar banc A.I.B agus an Supervalu ar dheis. Glac an chéad chasadh eile ar chlé agus feicfidh tú an leabharlann, foirgneamh mór bán ar thaobh na láimhe deise, an taobh eile den Gaelic Bar. Roinntear an carrchlós agus an bealach isteach le Dunnes Stores.