Leabharlann Eochaille

Foirgneamh le doirse gloine

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n.

Dúnta ar an Luan.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leathan leabhar, closleabhair san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann Eochaille.

Rochtain Idirlín

Tá an t-idirlíon ar fáil ar cheithre ríomhaire. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré.

 

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Eochaill. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost:

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil. 

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

 

Imeachtaí 

Buaileann an Ciorcal Cainte le chéile gach Máirt idir 11 am - 12 pm.

Buaileann an grúpa Lásadóireachta le chéile gach maidin Céadaoin ag 11 am. Leanann siad traidisiún breá Lása Eochaille.  

Bíonn Am Scéalaíochta le haghaidh páistí ar siúl gach dara Déardaoin (ach amháin i mí Iúil agus mí Lúnasa) ó 3.30 pm go 4.30 pm.

Buaileann an Grúpa Cniotála agus Cróiseála le chéile gach maidin Déardaoin ag 11 am. Cuirtear fáilte roimh dhaoine de gach leibhéal scileanna agus aoisghrúpa.

Buaileann an Grúpa Scríbhneoirí le chéile gach dara hAoine ag 3.30 pm.

Buaileann an Club Leabhair do Dhaoine Fásta le chéile ar an gcéad Satharn den mhí ó 3 pm - 5 pm (ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí an Mheithimh).

Buaileann Club Leabhar do Pháistí le chéile ar an gcéad Satharn den mhí ó 10.30 am - 11.30 am (ó mhí Mheán Fómhair go dtí Mí an Mheithimh).

Buaileann an Ciorcal Gramafóin le chéile gach dara Satharn den mhí idir 11 am - 12.30 pm (ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí an Mheithimh).   

Buaileann Grúpa Ealaíne Eochaille le chéile gach tríú Satharn den mhí ó 11 am - 2 pm.

Eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhféilte amhail Féile na Bealtaine. Clár Ealaíne an tSamhraidh agus Féile Leabhar na bPáistí.