Leabharlann Inis Arcáin

Sherkin Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt 5.30 i.n. - 8.30 i.n.

Déardaoin 11 rn. - 2 i.n.

Dé hAoine 1.30 rn - 5.30 i.n.

Dúnta Dé Luain, Dé Céadaoin, agus Dé Sathairn.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

 

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leabhar, idir ficsean agus neamhfhicsean (leabhair ar théipeanna san áireamh), a fháil ar iasacht ó Leabharlann Inis Arcáin

Rochtain Idirlín 

Tá an t-idirlíon ar fáil ar ríomhaire amháin. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré.

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann mBeanntraí. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

 

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store.
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive (pdf)

Imeachtaí 

Cruinníonn club leabhar Inis Arcáin uair amháin sa mhí ó mhí Dheireadh Fómhair go dtí mí an Mheithimh. Buaileann an Club Leabhar le chéile Dé Máirt ag 4.30 pm sa leabharlann. Téigh i dteagmháil leis an leabharlann, le do thoil, le haghaidh tuilleadh sonraí.  

Eagraítear imeachtaí éagsúla le linn na bliana, lena n-áirítear imeachtaí mar chuid d'Fhéile na Bealtaine, Clár Ealaíon an tSamhraidh agus Féile Leabhar na bPáistí i nDeireadh Fómhair.

R-phost: sherkin.library@corkcoco.ie

Treoracha go dtí an leabharlann 

Lean an bóthar suas ón gCé agus ar aghaidh ar feadh 10 nóiméad. Tá Leabharlann Inis Arcáin suite i mbothán soghluaiste taobh le Halla an Phobail. Is foirgneamh mór bán é Halla an Phobail atá suite ar chlé ag bun an chnoic.