Leabharlann Mhainistir na Corann

Midleton Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n. 

Dúnta ar an Luan.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leathan leabhar, leabhair ar théipeanna agus ar dhlúthdhioscaí san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann Mhainistir na Corann. Tá rogha leabhar tagartha ginearálta ar nós ciclipéidí agus foclóirí ar fáil sa leabharlann freisin. Tá bailiúchán nua d'Úrscéalta Grafacha Manga do dhéagóirí ar fáil sa leabharlann.

Tá an Irish Examiner, The Irish Independent, The Irish Times agus The East Cork Journal ar fáil le léamh sa leabharlann chomh maith. 

 

Rochtain Idirlín 

Tá rochtain idirlín ar fáil ar ríomhairí poiblí. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi saor in aisce ann do bhaill na leabharlainne.

 

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Mainistir na Corann. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.) Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

2.) Ó do bhrabhsálaí:

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry):

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin. 

Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive (pdf)

 

Imeachtaí 

Dé Máirt

Buaileann an Grúpa Cniotála/Cróiseála le chéile gach Máirt ag 11 r.n. - 12.00 i.n.

Dé Céadaoin

Eagraítear Am Scéalaíochta do Pháistí Réamhscoile gach Céadaoin i rith na bliana scoile ó 10:00 r.n. - 10.30 i.n.

 

Gníomhaíochtaí Leabharlainne Míosúla

An chéad Máirt de gach mhí 

Grúpa scríbhneoirí do dhaoine fásta - Tá fáilte sa ghrúpa seo roimh scríbhneoirí de gach leibhéal cumais is cuma cén seánra a scríobhann siad ann agus bíonn sé ar siúl ar an gcéad Máirt den mhí ó 7.30in. Tá fáilte roimh bhaill nua.

An chéad Aoine de gach mhí 

Buaileann an Grúpa Léitheoireachta do Dhaoine Fásta le chéile ar an gcéad Aoine den mhí ag 11 am.

 

Bíonn imeachtaí éagsúla eile ar siúl i rith na bliana, agus glacann an leabharlann páirt i bhféilte áitiúla agus náisiúnta amhail Féile Sheachtain na Gaeilge, Chlár Ealaíon an tSamhraidh agus Féile Leabhar na bPáistí.

Bíonn taispeántais ar siúl sa leabharlann ó am go ham, taispeántais amhail tionscadail scoile nó taispeántais de chuid ionad ceardaíochta áitiúil. Eagraíonn an leabharlann comórtais ó am go chéile inar féidir duaiseanna a bhuachan.