Leabharlann Shráid an Mhuilinn

Millstreet Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n. (Dúnta 1.00 - 2.00i.n.)

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine saoire bainc.

Dúnta ar an Luan.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leathan leabhar, leabhair ar théipeanna san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann Shráid an Mhuilinn. Tá rogha leabhar tagartha ginearálta ar nós ciclipéidí agus foclóirí ar fáil sa leabharlann freisin. Seo iad na nuachtáin agus na hirisleabhair atá ar fáil sa leabharlann chomh maith: The Irish Examiner, The Corkman, The Clara News, Phoenix, Hello agus Woman's Way.

Leithreas poiblí ar fáil.

 

Rochtain Idirlín 

Tá rochtain idirlín ar fáil ar ríomhairí poiblí. Moltar na ríomhairí a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi saor in aisce ann do bhaill na leabharlainne.

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann Baile Mhistéala. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store.
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

Imeachtaí

Conversational Irish: held every Wednesday at Millstreet Library from 11.00 am - 12.00 noon. Everybody is welcome. Bíonn "Comhrá as Gaeilge" sa Leabharlann, Sráid an Mhuillinn, gach Céadaoin, 11.00 go 12.00. Cuirtear fáilte roimh chách.

Má iarrtar é, eagraítear scéalaíocht atá oiriúnach do pháistí idir 3 bliana ag 7 mbliana beagnach gach Satharn, 10.30 am - 12.30 pm agus 2.30 pm - 4.30 pm. Ní mór do pháistí teacht in éineacht le duine fásta.

Bíonn an Club Leabhar do Pháistí, "The Page Turners", faoi stiúir Norma agus Katie Guerin, ar siúl lá amháin sa mhí ó 11.00 am - 12.00 pm. Tá an club seo oiriúnach do pháistí idir 10 mbliana agus 13 bliana. Tá fáilte roimh bhaill nua. Téigh i dteagmháil leis an leabharlann, le do thoil, ar 029 21920 más mian leat clárú sa ghrúpa nó buail isteach ar an lá!

Buaileann an Club Leabhar do Dhaoine Fásta le chéile sa leabharlann ar an gcéad Mháirt den mhí ó 3:00 pm - 4:00 pm.  Tá fáilte roimh aon duine fásta ar mhaith leo páirt a ghlacadh ann!

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na himeachtaí leabharlainne a bheidh ar siúl go luath féach https://twitter.com/corkcolibrary

Imeachtaí Eile

Eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhFéile na Bealtaine, Clár Ealaíon an tSamhraidh, agus Féile Leabhar na bPáistí.