Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Oifigí Fiontair Áitiúla

Feidhmíonn Oifigí Fiontair Áitiúla (OFÁnna) mar "Phointe Céadteagmhála" d'aon duine atá ag lorg eolais agus tacaíochta maidir le gnó a bhunú nó a fhás in Éirinn.  Is é ról an OFÁ ná forbairt fiontair áitiúil a chur chun cinn, ag cur micreaghnóthaí agus gnóthaí beaga ag croílár an jabchruthúcháin.  Tacaímid le gnóthaí nuathionscanta agus oibrímid chun cumas jabchruthúcháin micreaghnóthaí agus gnóthaí beaga a mhéadú, ag cur ar fáil faisnéise, comhairle, meantóireachta, seimineár agus tacaíocht airgeadais roghnaitheach.

Cuireann an Oifig Fiontair Áitiúil seirbhísí ar fáil sna réimsí seo a leanas:

  • Seirbhísí um Fhaisnéis agus Comhairliúchán Gnó;
  • Seirbhísí um Thacaíocht Fiontair;
  • Seirbhísí um Thacaíocht Fiontraíochta;
  • Seirbhísí um Fhorbairt Fiontair Áitiúil.

Cuirfear na rudaí seo a leanas ar fáil in 2017 mar chuid de Phointe Céadteagmhála do ghnóthaí:

  • Tacaíocht a thabhairt do fhiontraithe, úinéirí agus bainisteoirí chun tacaíochtaí airgeadais a rochtain agus cabhrú leo táirgiúlacht, nuálaíocht agus iomaíochas a phleanáil, a fhás agus a chothú;
  • Rochtain ar thacaíochtaí oiliúna agus meantóireachta a chur ar fáil do líon níos mó rannpháirtithe;
  • Tacaíocht a thabhairt do ghnóthaí chun rochtain a fháil ar thaispeántais, seimineáir agus ócáidí líonraithe;
  • Ciste Iasachta Micrimhaoiniúcháin na hÉireann a chur chun cinn;
  • Dearbháin Trádála ar Líne a chur chun cinn;
  • Dul i gcomhairle go díreach le Fiontraíocht Éireann chun conairí forchéimnithe do chliaint nua agus seanbhunaithe a phlé;
  • Fiontair a chur ar aghaidh chuig seirbhísí tacaíochta ábhartha eile;
  • Tacaíocht a thabhairt do líonraí earnála chun forbairt cnuasach a chur chun cinn;
  • Na Dámhachtainí Náisiúnta Fiontar a chur chun cinn;
  • Dul i mbun Oideachais Fiontraíochta laistigh de na hearnálacha oideachas bunscoile, meánscoile agus tríú leibhéal;
  • Comhoibriú agus obair leanúnach le gníomhaireachtaí eile agus lenár gcomhpháirtithe prótacail.

Is líonra 31 oifig iad na OFÁnna atá lonnaithe ar fud na hÉireann - tá dhá OFÁ i gComhairle Contae Chorcaí. Leagtar amach sonraí iomlána fúthu thíos. Cuirimid fáilte romhat cuairt a thabhairt ar ár suíomhanna gréasáin lánseirbhíse chun sonraí breise a fháil faoi na seirbhísí a chuireann na OFÁnna ar fáil i gCorcaigh.

Oifig Fiontair Áitiúil Chorcaí Thuaidh agus Thiar

www.localenterprise.ie/corknorthandwest

Tuaisceart Chorcaí

Teileafón: 022 43235

Seoladh ríomhphoist: northcork@leo.corkcoco.ie

Teach na hAbhann Duibhe, Páirc Gnó Mhala, Cnoc an Ghúlaigh, Mala, Co. Chorcaí

Iarthar Chorcaí

Teileafón; 023 8834700

Seoladh ríomhphoist: westcork@leo.corkcoco.ie

8 Sráid an Cheanntaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí

Oifig Fiontair Áitiúil Chorcaí Theas

www.localenterprise.ie/southcork

Teileafón: 021 4285200

Seoladh ríomhphoist: southcork@leo.corkcoco.ie

Mol um Fhás Gnó, Campas Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh