Mianta Cruthaitheacha le bronnadh ag Comhairle Contae Chorcaí le haghaidh Lá Náisiúnta na Cruthaitheachta do Dhaoine Óga

Four children standing in Window playing guitars.

Mar chuid de Chruinniú na nÓg 2025, tá Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí le mianta cruthaitheacha a bhronnadh ar dhaoine óga sa chontae agus iad a chur ar an mbóthar le gairm mar chumadóirí amhrán, 
ealaíontóirí, filí agus taibheoirí a bhaint amach. Is ar an 7 Meitheamh a bheidh Lá Náisiúnta na Cruthaitheachta do dhaoine óga ar siúl agus beidh os cionn 30 imeacht á reáchtáil i leabharlanna agus scoileanna i gcontae Chorcaí.

Is iad páistí Chorcaí a mhúnlaigh clár na bliana seo trí bhíthin an tionscnaimh “Mo Mhian Chruthaitheach” (My Creative Wish). Fuarthas os cionn 1,000 iarratas ó pháistí agus ó dhaoine óga agus iad ag cur in iúl na bhfíseanna agus mianta atá acu ó thaobh na n-ealaíon de, agus bronnadh a mian ar os cionn 30 acu sin.

Ar taispeáint beidh saothair, scéalta agus léirithe na ndaoine óga atá ag obair le healaíontóirí gairmiúla le roinnt seachtainí anuas. Beidh réimse ceardlann á reáchtáil don phobal sna leabharlanna freisin, idir cheardlanna ar dhearadh greannán agus irisleabhar, ar an ailtireacht agus ar an dearadh faisin.

Seo mar a labhair Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Joe Carroll faoin gclár: 

Tá féith na cruthaitheachta léirithe go láidir ag daoine óga an chontae seo. Tríd an gclár “Mo Mhian Chruthaitheach” tá sé feicthe againn go dteastaíonn uathu a bheith ina n-aisteoirí, scríbhneoirí, rinceoirí, dearthóirí, agus tuilleadh nach iad. Táimid an-sásta go bhfuil an deis againn cabhrú leo a bpleananna a chur i gcrích agus a gcuid mianta a bhaint amach. Creidimid go láidir gur cheart an deis a bheith ag gach uile dhuine i gContae Chorcaí a bheith in ann barr a gcumais chruthaithigh a bhaint amach agus tacaíonn Cruinniú na nÓg leis sin.

Ar na himeachtaí a bheidh ar siúl beidh taispeántas ealaíne ranga ó Scoil Náisiúnta an Gheata Bháin a ghlac páirt i gceardlanna le healaíontóir, a bhuí le dalta sa rang arb í a m(h)ian a bheith ina (h)ealaíontóir. Is í mian dalta i bPobalscoil Náisiúnta na Coille a bheith ina scríbhneoir agus tháinig údar gairmiúil chuig an scoil chun cabhrú leis an rang dánta agus scéalta a scríobh a léifidh siad féin os ard. Agus i Scoil Náisiúnta Ráth an Tóiteáin, toisc gurb í mian duine de na daltaí a bheith ina cumadóir amhrán, tá an rang ar fad ag obair le foinn a chumadh iad féin a chuirfidh siad os comhair an phobail.

Reáchtálfar ceardlanna do na daoine a tháinig sa dara háit sna leabharlanna áitiúla agus beidh na ceardlanna sin oscailte don phobal. Beidh ceardlanna ailtireachta ar siúl i Mala a mbeidh ailtire áitiúil i gceannas orthu agus beidh na rannpháirtithe in ann struchtúr as a gcuid samhlaíochta a tharraingt, a dhearadh agus a thógáil agus ábhair spraíúla, idirghníomhacha in úsáid. I Maigh Chromtha, mar chuid de na ceardlanna Mini Musical Stars, beidh a seó féin á chur le chéile ag na páistí le cur ar siúl do na tuismitheoirí.

Den chéad uair i mbliana, beidh imeacht ar siúl go déanach san oíche mar chuid de Chruinniú na nÓg i gContae Chorcaí. Múinfidh Electronic Music Council (Comhairle an Cheoil Leictreonaigh) do dhaoine óga in Youth Reach i Mala an bealach le seit DJ a dhéanamh agus an 7 Meitheamh is iadsan a bheith i bhfeighil ar an gceol ag dioscó i Mala.

Is í Éire an chéad tír, agus an t-aon tír ar domhan, a bhfuil lá náisiúnta na saorchruthaitheachta do pháistí agus do dhaoine óga faoi bhun 18 aici. Is tionscadal suaitheanta de chuid Chlár Cruthaitheach na hÓige atá ag Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg agus é mar aidhm leis cumas cruthaitheach páistí agus daoine óga a chumasú. Tionscnamh de chuig Chomhairle Contae Chorcaí is ea Mo Mhian Chruthaitheach atá á reáchtáil trí Chlár Éire Ildánach le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Cruinniu nó ó do leabharlann áitiúil.