Leabharlanna

Ríomhleabhair & Ríomh-Chlosleabhair

Is féidir teacht ar an tseirbhís seo anseo.

Tá an tseirbhís r-leabhar agus r-chlosleabhar Bolinda Digital beo anois! Cuireann an tseirbhís seo idir R-Chlosleabhair agus R-Leabhair ar fáil do gach úsáideoir leabharlainne agus is féidir taitneamh a bhaint astu ar do ríomhaire pearsanta/ríomhaire glúine tríd an nasc chuig an suíomh gréasáin nó ar do ghléas soghluaiste tríd an aip BorrowBox. Is féidir le húsáideoirí Apple dul chuig aipmhargadh iTunes agus BorrowBox a chuardach. Is féidir le húsáideoirí Android dul chuig aipmhargadh Google Play agus BorrowBox a chuardach. Le haghaidh Kindle (Is é Kindle Fire an t-aon cineál Kindle amháin a thacaíonn leis an aip BorrowBox) téigh chuig aipmhargadh Amazon ag BorrowBox. Tar éis duit an aip a shuiteáil ar do ghléas leictreonach, cuardaigh Leabharlann Contae Chorcaí sa réimse 'Leabharlann' agus ansin logáil isteach ar an ngnáthbhealach le do bharrachód leabharlainne agus d'uimhir PIN.

Tá treoir shimplí d'úsáideoirí ar fáil anseo (pdf) agus liosta de cheisteanna coitianta anseo (pdf)

Má bhíonn deacrachtaí agat rochtain a fháil ar an tseirbhís nó úsáid a bhaint aisti, déan teagmháil le support@bolindadigital.com a chabhróidh leat an fhadhb a réiteach.