Boithre Agus Iompar

Bóthar Poiblí a Thréigean

Tá sé de chumhacht ag Comhairle Contae Chorcaí, agus í mar Údarás Bóithre, bóithre áitiúla a thréigean. Tá an fheidhm sin forchoimeádta do Chomhaltaí Tofa agus tá comhairliúchán poiblí mar chuid di. Ní mór don Aire, tar éis dó dul i gcomhairle le Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), Ordú chun bóthar náisiúnta nó réigiúnach a thréigean a cheadú, áfach. Agus bóthar tréigthe, níl an tÚdarás Bóithre freagrach as a chothabháil a thuilleadh ach ní bhíonn tionchar ag a thréigean ar cheart bealaigh an phobail maidir leis an mbóthar, atá ann dó fós.

Tá tuilleadh eolais le fáil ó:

Bóithre (Airgeadas agus Riarachán), Teach na Cúirte, An Sciobairín, Co. Chorcaí.

Teil: 028 21299

Seoladh ríomhphoist: roads@corkcoco.ie