Boithre Agus Iompar

Ceadúnas Oscailte Bóithre

Ní mór Ceadúnas Oscailte Bóithre a fháil ó Chomhairle Contae Chorcaí d'aon tochailt ar bhóthar poiblí (pábháil), chosán, chiumhais féir agus charrchlós poiblí.

Ní mór iarratas ar Cheadúnas Oscailte Bóithre a dhéanamh tríd an gCóras Ceadúnaithe Oibreacha Bóithre Maproad (MRL). Tá an Córas á éascú agus á thacú ag an Oifig um Bainistiú Bóithre (OBB).  Ní mór do gach iarratasóir clárú roimh ré tríd an OBB agus ní mór dó fianaise ar Árachais chomhlíontachta a chur isteach san fhormáid a éilítear. Is féidir leat clárú mar Iarratasóir nua anseoagus ceisteanna úsáideora a dhíriú anseo.

Ní mór na hoibreacha oscailte bóithre uile a dhéanamh i gcomhréir le Treoirlínte an 'Leabhar Corcra' um Oscailt Bóithre Poiblí a Bhainistiú (pdf) - eagrán reatha Aibreán 2017