Boithre Agus Iompar

Eolas faoi Dhrochtheagmhais Aimsire, Rabhaidh agus Foláirimh Bóithre

Plean Seirbhíse don Gheimhreadh 2023-2024 maidir le Bóithre

Tá Stiúrthóireacht Bhóithre Chomhairle Contae Chorcaí freagrach as an líonra bóithre is mó (12,200 km) atá ag aon údarás áitiúil sa tír a chothabháil.

Tugann an Plean Seirbhíse don Gheimhreadh atá ceangailte anseo creat maidir le deileáil le dálaí aimsire an gheimhridh.

Plean Seirbhíse don Gheimhreadh 2023 go dtí 2024 maidir le Bóithre (pdf)

Bealaí Cóireála Bóithre

Is éard is aidhm don chlár cothabhála geimhridh ná foráil a dhéanamh, sa mhéid is indéanta le réasún, ar ghluaiseacht shábháilte úsáideoirí bóithre ar na Bóithre Náisiúnta agus ar bhealaí straitéiseacha eile le linn dálaí drochaimsire. Toisc nach bhfuil sé indéanta gach bóthar poiblí a chóireáil, is gá sceideal um beartú tosaíochta bealaigh a chruthú. Sanntar rátáil thosaíochta idir 1 agus 3 do bhealaí, bunaithe ar aicmiúchán an bhóthair, líon an tráchta a iompraítear, a úsáid ag iompar poiblí, agus tábhacht an bhealaigh ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun breathnú ar an Léarscáil um Bealaí Cóireála Bóithre.

Ceangailte leis an rátáil thosaíochta a shanntar do bhealach ar leith, tá leibhéal sonraithe seirbhíse nach mór a sholáthar ar an mbealach, mar a thugtar le fios sa tábla seo a leanas:

Ainmniú Bealaigh Cur Síos Leibhéal Seirbhíse
Tosaíocht 1 Na bealaí siúd nach mór a choinneáil inúsáidte i ngach dála aimsire, sa mhéid is indéanta le réasún, (Dearg). Le cóireáil le linn gach teagmhas aimsire
Tosaíocht 2 Na bealaí siúd arbh fhearr a choinneáil inúsáidte i ngnáthaimsir geimhridh, sa mhéid is indéanta le réasún, (Gorm). Le cóireáil mar chuid den tseirbhís don gheimhreadh ar na hoícheanta atáthar ag súil le leac oighir / sioc ar na bóithre. D'fhéadfaí go cuirfear isteach ar an gcóireáil le linn drochtheagmhais aimsire áirithe i gcás gur gá iarrachtaí a dhíriú ar Bhealaí Thosaíocht 1. 
Tosaíocht 3 Na bealaí siúd a d'fhéadfaí a choinneáil inúsáidte nuair a bheadh bealaí Thosaíocht 1 agus 2 cóireáilte, sa mhéid is indéanta le réasún, (Glas). Gan chóireáil mar chuid den ghnáthsheirbhís don gheimhreadh ach d'fhéadfaí go ndéanfaí iad a chóireáil ó am go ham le linn teagmhais aimsire áirithe

In Éirinn, féadfar oícheanta a bheith ann ar a bhfuil na teochtaí an-ghar don reophointe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé níos deacra sioc a thuar go cruinn ná mar atá i dtíortha níos fuaire. 

Tógann sé roinnt uaireanta bealach agus oibríochtaí leata salainn a eagrú, a fhágann go bhféadfaí turais ar leith tosú nó críochnú ar chuid den bhealach nár leathadh salann.

Má bhíonn báisteach throm ann, d'fhéadfaí an salann a ghlanadh chun siúil agus d'fhéadfaí an dromchla fliuch a reo ina dhiaidh sin dá dtitfeadh an teocht faoi bhun an reophointe.

Cosáin  

Déanfar cosáin, rotharbhealaí, agus bóithre áitiúla eile a chóireáil i mbailte, i sráidbhailte agus i bpurláin cathracha, sa mhéid is féidir le hacmhainní áitiúla, nuair a bhíonn tréimhse fhada sneachta / leac oighir ann.

TABHAIR DO D'AIRE: Conraitheoir a dhéanann na Mótarbhealaí agus na Débhealaí (lena n-áirítear an bóthar ó Mhala go Corcaigh) i gContae Chorcaí a chóireáil thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) anois, agus ba cheart aon fhiosrúcháin a dhíriú ar an uimhir seo a leanas: 0818 715100.

RABHADH

In aimsir sheaca, tiomáin le sainchúram i gcónaí, fiú má leathadh salann ar an mbóthar.

Bí Ullamh don Gheimhreadh

Le haghaidh tuilleadh faisnéise chun cabhrú leat thú féin, do theach, agus do ghnó a dhéanamh níos láidre agus níos ullmhaithe do dhianaimsir, lean an nasc thíos:

Bí Ullamh don Gheimhreadh.

Suíomhanna Grin

Cuirfear grean ar fáil ag roinnt suíomhanna ar fud an chontae lena úsáid ag pobail áitiúla.

  1. Cuirfear grean ar fáil lena úsáid ag an bPobal i gceantair thuaithe ag stoc-chairn. Cuirfear stoic ar bun an chéad seachtain de mhí na Samhna agus féadfar iad a athsholáthar mar is gá ach teagmháil a dhéanamh le hOifigí Innealtóir an Cheantair Bhardasaigh.
  2. Ní ghlacann an Chomhairle aon dliteanas i leith fadhbanna a thagann chun cinn maidir le húsáid an ghrin a chuirtear ar fáil ag na stoc-chairn agus díríonn sí aird ar an gcomhairle arna cur ar fáil ag an Ard-Aighne agus ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

Suímh Ghráinne Chontae Chorcaí (pdf)

Éascófar comhoibriú le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus/nó le heagraíocht chomhchosúil nó eagraíochtaí comhchosúla le linn Drochtheagmhais Aimsire nuair is gá sin.

Araidí Salainn

Araidí Salainn a Chur ar Fáil in Eastáit

Tá araidí salainn agus líonadh salainn á gcur ar fáil do líon teoranta Cumainn Chónaitheoirí agus/nó Grúpaí Pobail ar bhonn maoiniú comhroinnte.

  1. Tá an Chomhairle in ann soláthar agus líonadh araidí a fhóirdheonú, ar bhonn aonuaire, in 100 eastát ar a mhéad (10 in aghaidh an Cheantair Bhardasaigh). Ní mheasfar ach aon araid amháin in aghaidh an eastáit - aontófar an suíomh le hInnealtóir an Cheantair Bhardasaigh. Más gá, tabharfar tosaíocht d'eastáit ar na boinn seo a leanas (a) líon na dtithe agus (b) na fánaí san eastát. Ní mór do Chumainn Chónaitheoirí/Chomhairlí Pobail iarratas, i scríbhinn, a chur faoi bhráid Innealtóir an Cheantair Bhardasaigh áitiúil lena mheas.
  2. Ní phléifidh an Chomhairle ach le Cumainn Chónaitheoirí/Comhairlí Pobail bona fide, atá sásta a bheith freagrach as an araid agus dá bhfuil ann, agus as an salann a leathadh.
  3. Cuirfear araid 800 lítear ag a bhfuil glas ar fáil. Tá araidí níos lú 400 lítear nó 260 lítear ar fáil freisin ach iad a iarraidh.
  4. Éileofar buníocaíocht €50 (Tá an costas iarbhír thart ar €250 - €180 ar an araid, móide €70 sa bhreis ar an salann). Is ionann seo agus fordheontas ar 80% den chostas.
  5. Ní chuirfidh an Chomhairle aon oiriúint, amhail sluaistí, ar fáil.
  6. Beidh gach Cumann Cónaitheoirí/Comhairle Pobail freagrach as na hoibreacha leatha grin a chothabháil agus a oibriú go sábháilte.  

Foirm Iarratais ar Araid Salainn (pdf)

MapAlerter

Molann Comhairle Contae Chorcaí do gach saoránach clárú le haghaidh nuashonruithe maidir le dianaimsir ar an aip Map Alerter.