Boithre Agus Iompar

Polasaí maidir le Cuimhneacháin cois bóthair agus foirm Iarratais

Polasaí maidir le Cuimhneacháin cois bóthair agus foirm Iarratais

Ghlac Comhairle Contae Chorcaí le Polasaí maidir le Cuimhneacháin Cois Bóthair a thugann breac-chuntas ar na rudaí a cheadófar ar bhóithre poiblí atá fé smacht na Comhairle.

Tá sé mar aidhm ag an gComhairle a chinntiú go gcoimeádtar bóithre poiblí atá faoina cúram sábháilte do gach úsáideoir bóthair, agus aitheantas a thabhairt chomh maith do mhianta na ndaoine a bhfuil daoine muinteartha leo caillte acu Cuimhneacháin Cois Bóthair a thógáil ag láithreacha timpistí.

D’fhonn a chinntiú go gcuirtear Cuimhneacháin Cois Bóthair in airde le sábháilteacht ar bhóithre tugtha san áireamh, ní mór Iarratas ag lorg toiliú ón Údarás Bóithre chun aon Chuimhneachán Cois Bóthair a thógáil a chur isteach i scríbhinn chuig Comhairle Contae Chorcaí.

Tá sonraí fén bpolasaí agus an fhoirm iarratas ar fáil ag an nasc seo a leanas:

Cork County Council Policy on Roadside Memorials and Application Form (pdf)