Boithre Agus Iompar

Uchtaigh Bóthar / Timpeallán

Céard é an Scéim ‘Uchtaigh Bóthar’?

Is éard atá i gceist le Scéim ‘Uchtaigh Bóthar’ de chuid Chomhairle Contae Chorcaí ná Grúpa rannpháirteach ón Earnáil Ghnó nó ón Earnáil Dheonach / Phobail ag uchtú stráice ainmnithe bóthair, chun bruscar a bhaint de chiumhaiseanna bóthair.

Téann an Scéim chun leasa gach grúpa rannpháirtigh trí chabhrú le bruscar agus na fadhbanna a bhaineann leis a laghdú, agus aird a dhíriú ar iarrachtaí an Ghnólachta nó an Ghrúpa rannpháirtigh ag an am céanna.

Céard é an Scéim ‘Uchtaigh Timpeallán’?

Is éard atá i gceist le Scéim ‘Uchtaigh Timpeallán’ de chuid Chomhairle Contae Chorcaí ná Cuideachta / Gnólacht neamhdheonach rannpháirteach ag uchtú Timpealláin ar mhaithe lena thírdhreachú agus lena chothabháil.

Téann an Scéim chun leasa gach grúpa rannpháirtigh trí fheabhas a chur ar chuma timpeallán, agus aird a dhíriú ar iarrachtaí an Ghnólachta rannpháirtigh nó na Cuideachta rannpháirtí ag an am céanna.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus / nó chun iarratas a dhéanamh, cliceáil ar an bhFoirm Iarratais chuí thíos.

Foirm Iarratais Uchtaithe Bóthair (pdf)

Foirm Iarratais Uchtaithe Timpealláin (pdf)

Ní mór Foirmeacha Iarratais Comhlánaithe a chur ar ais chuig Oifig Innealtóir an Cheantair Bhardasaigh áitiúil, ar cheart duit dul i gcomhairle léi sula ndéanfaidh tú Iarratas.