An Scéim CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais)
Tá Scéim CLÁR 2025 seolta ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Déantar foráil leis an scéim seo do thionscadail mhionscála bhonneagair i gceantair faoin tuath a bhfuil leibhéil arda bánaithe tarlaithe iontu. Cuirtear forbairt inbhuanaithe chun cinn leis an scéim agus tá mar aidhm léi daoine a mhealladh chun cónaí agus bheith ag obair sna ceantair a chuimsítear léi. Is é Dé hAoine an 9 Bealtaine 2025 an dáta deiridh chun foirmeacha iarratais tionscadail comhlánaithe a fháil.
Tá méadú ó €8.7 milliún go €11 milliún tagtha ar an leithdháileadh don Chlár CLÁR in 2025, lena gcuimseofar na Bearta seo a leanas:
Beart 1: Forbairt Saoráidí & Taitneamhachtaí Pobail.
Beart 2: Soghluaisteacht, Cúram Ailse, Céadfhreagróirí Pobail agus Iompar do Bhéilí ar Rothaí.
Beart 3: “Ár nOileáin Bheo”.
Riartar Beart 1 tríd an údarás áitiúil agus is féidir leis an údarás áitiúil iarratas a dhéanamh air i gcomhairliúchán le grúpaí i bpobail áitiúla.
Ba cheart don iarratasóir féin iarratas faoi Bheart 2 & 3 a chur díreach chuig an Roinn. Tá faisnéis agus foirmeacha le fáil ar an láithreán gréasáin gov.ie – Maoiniú CLÁR do Thionscadail Mhionscála Tuaithe.
Beart 1:
Faoi Bheart 1 nuashonraithe, tacófar le tionscadail chaipitil éagsúla a chuireann le feabhas a chur ar Shaoráidí Áineasa Pobail atá ann cheana féin, agus/nó le cinn nua, inrochtana a fhorbairt. A mhéid is indéanta, ní mór teacht a bheith ag daoine de gach cumas agus aois ar na saoráidí agus taitneamhachtaí pobail ar fad a mhaoinítear faoin gclár seo Tugtar sa liosta thíos samplaí de na cineálacha idirghabhálacha a d’fhéadfaí tacú leo, ach ní liosta críochnaitheach é:
- Oibreacha athchóirithe ar mhionscála ar shaoráidí pobail atá oscailte don phobal i gcoitinne ar nós ionaid phobail/ionaid spóirt/clubthithe de chuid ghrúpaí spóirt/ionaid don aos óg/ botháin na bhfear etc. Áirítear leo sin oibreacha ar nós carrchlóis agus feabhsúcháin inrochtaineachta
- Láithreacha Ilúsáide Cluichí (MUGAnna)/ saoráidí Astro-Turf, lena n-áirítear uasghráduithe
- Áiteanna súgartha/Páirceanna scátála/Pumpraonta/Rothar-raonta/Spásanna do Dhéagóirí
- Raonta Siúlóide, Reatha, Lúthchleasaíochta
- Pinniúir Liathróide Láimhe, Cúirteanna Leadóige/ Cúirteanna Cispheile/ Fearainn Chruicéid / Spásanna Babhlála Faoin Aer
- Ionaid Aclaíochta Pobail/ Pictiúrlanna Pobail
- Gairdíní na gCeadfaí/ Gairdíní Pobail/ Cuibhrinn/ Plandú Bithéagsúlachta
- Rochtain ar Láithreacha Oidhreachta Áitiúla ar leith / Limistéir Áilleachta Nádúrtha
- Saoráidí Feabhsaithe Leithris agus Feistis Faoin Aer
- Carrchlóis
- Rochtain ar fhaichí spóirt a fheabhsú e.g. ardáin don lucht féachana a fhorbairt/uasghrádú ag faichí spóirt áitiúla agus béim faoi leith á leagan ar rochtain a fheabhsú do dhaoine de gach cumas agus aois
- Araidí Gréine
Glacadh le cur chuige uile-Rialtais in Éirinn chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna) a chur i bhfeidhm. Iarrtar ar iarratasóirí CLÁR na SDGanna a chuirfear ar fáil lena dtionscadail bheartaithe a shainaithint agus a liostú. Is féidir suas le 3 SDG ar a mhéad a bheith i gceist leis sin. Tá tuilleadh eolais faoi na SDGanna le fáil ag irelandsdg.geohive.ie.

Tá mionsonraí san “Achoimre ar Bheart 1 faoi Scéim CLÁR 2025” faoi na cineálacha idirghabhálacha incheadaithe, na méideanna maoinithe is féidir a fháil agus na ceanglais mhaoinithe meaitseála.
Cuir foirmeacha iarratais comhlánaithe maidir le tionscadail faoi Bheart 1 chuig an Oifig Cheantair Bhardasaigh ábhartha Dé hAoine an 9 Bealtaine 2025, nó roimh an dáta sin, ionas gur féidir iad a bhreithniú. Ní ghlacfar le foirmeacha ach i bhformáid MS Word agus sin amháin.
Mionsonraí Teagmhála:
Ceantar Bardasach | Seoladh | Uimhir theagmhála |
Ríomhphost |
---|---|---|---|
Oifigeach Ceantair Bhardasaigh Dhroichead na Bandan-Chionn tSáile |
Halla Bardasach, Cnoc Naomh Eoin, Cionn tSáile, Co. Chorcaí. |
(021) 4772154 | bandonkinsalemd@corkcoco.ie |
Oifigeach Ceantair Bhardasaigh Charraig Uí Leighin | Teach Waterpark (“Waterpark House”), Church Road, Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí. | (021) 4276891 | carrigalinemd@corkcoco.ie |
Oifigeach Ceantair Bhardasaigh an Chóibh | Teach na Carraige (“Carrig House”), An Cóbh, Co. Chorcaí. | (021) 4811307 | cobhmd@corkcoco.ie |
Oifigeach Ceantair Bhardasaigh Chorcaigh Thoir | Oifig Ceantair Bhardasaigh, Lóiste Mhainistir na Corann, Mainistir na Corann, Co. Chorcaí. | (021) 4634580 nó (024) 92926 |
eastcorkmd@corkcoco.ie |
Oifigeach Ceantair Bhardasaigh Mhainistir Fhear Maí | Comhairle Contae Chorcaí, Halla an Bhaile, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí. | (025) 31155 | fermoymd@corkcoco.ie |
Oifigeach Ceantair Bhardasaigh Cheann Toirc–Mhala | Oifigí Ceantair Bhardasaigh, Mala, Co. Chorcaí. |
(022) 21123 | kanturkmallowmd@corkcoco.ie |
Oifigeach Ceantair Bhardasaigh Mhaigh Chromtha | Halla an Bhaile, An Chearnóg, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí. | (026) 41545 | macroommd@corkcoco.ie |
Oifigeach Ceantair Bhardasaigh Chorcaigh Thiar | Halla an Bhaile, 7 Kent Street, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí. | (023) 8833380 | westcorkmd@corkcoco.ie |