Oibríochtaí na gCeantar Bardasach agus Forbairt Tuaithe

Comhaontas Aoisbhá Chontae Chorcaí

Tá Clár Chontae Aoisbhá Chorcaí faoi stiúir Comhaontas Aoisbhá Chontae Chorcaí, atá faoi chathaoirleacht an Uasail Niall Healy, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Chorcaí. Tugann an Comhaontas ceannairí sinsearacha le chéile ó na Gardaí, FSS, soláthraithe iompair, eagraíochtaí deonacha, institiúidí tríú leibhéal, ceannairí aonair agus baill de Chomhairle Dhaoine Scothaosta Chontae Chorcaí. Tá an fhís ag gach duine de na páirtithe leasmhara seo cáilíocht na beatha do dhaoine scothaosta i gContae Chorcaí a fheabhsú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar Chlár Aoisbhá Chomhairle Contae Chorcaí, dein teagmháil le agefriendly@corkcoco.ie.  Tá faisnéis mhionsonraithe ar an gClár Náisiúnta Aoisbhá ar fáil chomh maith ag agefriendlyireland.ie.