Oibríochtaí na gCeantar Bardasach agus Forbairt Tuaithe

Láithreáin Thréigthe agus Struchtúir Chontúirteacha

Láithreáin Thréigthe

Is ionann Láithreán Tréigthe agus aon réadmhaoin nó píosa talún a chuireann isteach, nó a d'fhéadfadh cur isteach, ar shlí ábhartha, ar thaitneamhacht, carachtar nó cuma na talún sa chomharsanacht atá i gceist de bharr a cuma thréigthe nó de bharr í a bheith gránna.

Faoin Acht um Láithreáin Thréigthe 1990, tá sé d'oibleagáid ar an gComhairle fógra a eisiúint chuig úinéirí an láithreáin/na réadmhaoine ag iarraidh orthu cuma thréigthe an tsuímh/na réadmhaoine a leighis. 

Más mian leat Láithreán Tréigthe a thuairisciú, seol litir chuig d'Oifig Ceantair Bhardasaigh agus cuir léarscáil a thaispeánann an limistéar nó an réadmhaoin léi. Tabhair faoi deara go gcoimeádtar sonraí an ghearánaigh faoi rún.

Cad iad na céimeanna a bhaineann le láithreán a chur ar Chlár na Láithreán Tréigthe?

1.      Faightear gearán i scríbhinn;

2.      Déantar an láithreán a iniúchadh chun staid an láithreáin a mheas;

3.      Mura bhfuil an láithreán tréigthe, dúntar an comhad agus cuirtear é seo in iúl don ghearánaí;

4.      Má tá an láithreán tréigthe, déantar fógra a eisiúint ag iarraidh ar oibreacha a dhéanamh ar an láithreán laistigh d'achar ama áirithe;

5.      Déanfar iniúchadh don dara huair le fáil amach an bhfuil na hoibreacha sin curtha i gcrích ag an úinéir/na húinéirí;

6.      Más rud é go bhfuil na hoibreacha curtha i gcrích, dúntar an comhad, agus cuirtear é seo in iúl don ghearánaí;

7.      Mura gcuirtear na hoibreacha i gcrích, déantar fógra eile a eisiúint, agus mura ndéantar aon obair fheabhsúcháin, cuirtear an réadmhaoin ar Chlár na Láithreán Tréigthe;

8.      Déantar Tobhaigh agus Ús a ghearradh ar bhonn bliantúil ar láithreáin thréigthe.

Struchtúir Chontúirteacha

Déanann an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 foráil d'Údaráis Áitiúla chun gur féidir leo déileáil le struchtúir chontúirteacha. Is féidir Fógra a thabhairt d'úinéirí aon réadmhaoine a mheastar a bheith contúirteach chun oibreacha sainiúla a dhéanamh a chuirfidh deireadh leis an gcontúirt (Fógra Alt 3(1)) agus a dhéanfaidh an réadmhaoin sábháilte. Forálacha an Achta:

  1. Cumhacht a thabhairt chun úinéirí a ionchúiseamh nach dtugann aon aird ar na foláirimh a thugtar
  2. Éiligh ar an Údarás Áitiúil clár de láithreáin thréigthe a choinneáil
  3. Cumhacht a thabhairt don Údarás Áitiúil na hoibreacha riachtanacha a dhéanamh agus an costas a ghearradh ar na húinéirí
  4. Cumhacht a thabhairt chun talamh a cheannach go héigeantach ar a raibh/bhfuil struchtúr contúirteach suite

Tá tuilleadh eolais le fáil ó: www.citizensinformation.ie

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d'Oifig Ceantair Bhardasaigh má tá tuilleadh eolais uait