Oibríochtaí na gCeantar Bardasach agus Forbairt Tuaithe

Lár an Bhaile ar dTús - Oifig Athghiniúna an Bhaile

Is é is lú is gann dár mbailte ná go mbeidís faoi bhláth, ligfidh Tús Áite do Lár an Bhaile dóibh barr a gcumais a bhaint amach.

Tá sé mar aidhm ag Tús Áite do Lár an Bhaile láir bhaile a chothú a bheidh mar láithreacha inmharthana, bríomhara agus tarraingteacha do dhaoine le cónaí agus obair iontu chomh maith le cuairt a thabhairt orthu. Fad is a fheidhmíonn siad mar mhol seirbhísí, sóisialta, cultúrtha agus áineasa do phobal na háite ag an am céanna.

Tuigeann Tús Áite do Lár an Bhaile gur áit ar leith é gach baile. Féachann sé le bonn a chur faoi gach baile le go mbeidh pobal na háite in ann a mbealach féin chun forbartha a leagan amach faoi stiúir plean.

town centre first logo collection

Daonra: 2,903 (Daonáireamh 2022)

Tá daonra díreach faoi bhun 3,000 duine ina gcónaí sa Sciobairín in Iarthar Chorcaí. Tá sé i gceartlár cúlchríoch tuaithe agus talmhaíochta i bhfad níos mó agus tá ról ríthábhachtach aige chomh fada agus a bhaineann sé le tacú le bailte agus sráidbhailte éagsúla go háitiúil, gach ceann díobh a chuireann ar bhealach nach beag le geilleagar agus le pobal an bhaile. Oireann a suíomh go seoigh don Sciobairín agus é ina bhaile tairsí d’Iarthar Chorcaí atá suite i gcroílár cheann de na tírdhreacha is mórthaibhsí in Éirinn.

 

Skibbereen in West Cork

Is iontach na radharc lánléargais atá le fáil ó na pointí airde iomadúla mórthimpeall an Sciobairín. Radhairc fairsinge uathu amach ar an mbaile agus ar an gceantar tuaithe máguaird. Is buntáiste nach beag é seo don bhaile, go háirithe an spás oscailte darb ainm ‘The Rock’ in aice láimhe. É suite ar cheann tíre a bhfuil fána ghéar ann lámh le lár an bhaile agus agus é mar chúlra gleoite óna bhfuil radhairc gléigeala ar an tírdhreach tuaithe ón taobh istigh den bhaile.

Tá leagan amach iontach dlúth ar lár an Sciobairín agus gach seans gurb iad srianta geografacha na háite (lena n-áirítear an tírdhreach a bhfuil fána ghéar ann agus an Abhainn) ba bhun leis. Tá pátrún sráideanna neamhfhoirmeálta le sonrú i lár an bhaile a théann siar go ré na meánaoise agus é ina aice leis an ailíniú leis an Aighlinn. Is de bharr seo a tháinig ann do snáithe lár an bhaile an lae inniu agus is é is bun le hatmaisféar an bhaile tuaithe atá mar shaintréith ag Sciobairín agus dúil ag a lán daoine inti.

Is meascán de stíleanna agus de réanna éagsúla í an ailtireacht a fuair an Sciobairín le hoidhreacht, an forás a tháinig air le himeacht aimsire agus a thábhacht cultúrtha le sonrú ann. Agus gach rud ann idir ailtireacht Sheoirseach agus Victeoiriach, teachíní Éireannacha den seandéanamh, struchtúir reiligiúnacha, agus forbairtí nua-aimseartha, tá léargas fíorspéisiúil le fáil i bhfoirgnimh an Sciobairín ar shaol an bhaile sa lá atá inniu ann agus sna laethanta fadó. Is sainghné iontach luachmhar iad na foirgnimh seo atá tar éis clú a tharraingt ar an Sciobairín.

Leanfaidh an Sciobairín de bheith ag forbairt mar bhaile margaidh bisiúil inbhuanaithe ina leagtar béim mhór a shócmhainní nádúrtha agus stairiúla a chaomhnú. I measc seo tá ailtireacht stairiúil an bhaile, a shuíomh gleoite cois abhann, a limistéir ghlasfhéarmhara, agus an taobh tíre máguaird a bhfuil clú agus cáil air mar cheantar fíorálainn.

Léirigh Foireann an Bhaile, mar aon leis na páirtithe leasmhara uile, ionadaithe tofa, grúpaí sainleasa, agus, níos tábhachtaí fós, pobal na háite maille le daoine den phobal spéis as cuimse sa tionscadal agus ghlac siad páirt go fonnmhar ann. Dea-theist ar a n-iarrachtaí i dteannta a chéile is ea an Plean Thús Áite do Lár an Bhaile agus tá sé ina cháipéis thagartha chuimsitheach ina bhfuil treoir le fáil maidir leis an Sciobairín a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe amach anseo.