Oibríochtaí na gCeantar Bardasach agus Forbairt Tuaithe

SUÍOMH GRÉASÁIN REILIGÍ

Tá na hÚdaráis Áitiúla freagrach as úirleachais (reiligí). Bíonn Cláraitheoir ag gach reilig ina bhfuil láithreacha uaighe ar díol chun díol na láithreacha don reilig sin a bhainistiú. I gcásanna áirithe, déanfaidh an Cláraitheoir nó feighlí an t-úirleachas a bhainistiú.

Roinntear eolas faoi reiligí de réir na rannóg idir Tuaisceart, Deisceart & Iarthar an chontae agus tá liosta iomlán de reiligí atá in úsáid i gContae Chorcaí sa cháipéis faoi iamh. Dá mba mhian leat láthair uaighe a cheannach, déan teagmháil leis an gcláraitheoir reilige ábhartha ar an nasc seo a leanas: Sonraí Reilige le Cláraitheoirí Thuaisceart, Theas agus Iarthar Chorcaí.

Tar éis don chláraitheoir na foirmeacha leithdháilte a chur faoi bhráid na hoifige cuí, eiseofar sonrasc chugat chun díol as an láthair uaighe. Nuair a fhaightear an íocaíocht, eiseofar Deimhniú Cirt Adhlactha duit ansin.

Tabhair faoi deara go bhfuil mórán úirleachas (reiligí) lán cheana féin. I roinnt reiligí, mar gheall ar fhadhbanna spáis tá srianta ar láithreacha uaighe a cheannach roimh ré. Tá ceannach láithreacha uaighe faoi réir na bhFodhlíthe reilige, arna nglacadh ag na Comhaltaí Tofa.

Luíonn cúram úirleachais áirithe ar pharóistí agus luíonn cúram úirleachais eile ar ghrúpaí áitiúla.

Ní mór gach adhlacadh a chlárú le Comhairle Contae Chorcaí agus déanann an Cláraitheoir suíomh na huaighe a thaifeadadh.

Tá digitiú á dhéanamh faoi láthair ag Comhairle Contae Chorcaí ar thaifid reiligí stairiúla sa chontae agus beidh an t-eolas seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle ag Bunachar Sonraí Thaifid Adhlactha Chorcaí.