Comhshaol

Dramhaíl Tógála agus Scartála

De réir na reachtaíochta dramhaíola, sainmhínítear Dramhaíl Tógála agus Scartála mar ‘gach dramhaíl a thagann ó ghníomhaíochtaí tógála, athchóirithe agus scartála’.

Airítear léi cré agus cloch, farasbarr táirgí agus ábhar agus táirgí agus ábhar a bhfuil damáiste déanta dóibh a thagann as oibreacha tógála nó a úsáidtear go sealadach le linn gníomhaíochtaí ar an láthair, chomh maith le cré dreideáilte. 

  • Más tusa atá freagrach as tionscadal tógála agus scartála a dhéanamh, ní mór duit a chinntiú go bhfuil plean bainistithe dramhaíola agat don dramhaíl uile a tháirgtear mar gheall ar an ngníomhaíocht sin AGUS ní mór duit a chinntiú go ndéantar an dramhaíl a scagadh ionas gur féidir é a athúsáid nó a athchúrsáil nó gur féidir fáil réidh léi ar bhealach cuí. 
  • Nuair nach féidir dramhaíl tógála nó scartála a athúsáid nó a athchúrsáil, ní mór an dramhaíl sin a iompar go dtí saoráidí údaraithe dramhaíola trí sheirbhísí bailitheoirí údaraithe dramhaíola a úsáid. 

Go hachomair, beidh ort na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • An méid dramhaíola a tháirgfear a thomhas.
  • Dramhaíl a tháirgtear ar an láthair a scagadh ar chineálacha deighilte, nuair is féidir.
  • Ní mór go mbeidh gach dramhaíl a bhogtar ón láthair, cré agus cloch san áireamh:
  • Bailithe ag bailitheóirí údaraithe dramhaíola (mar atá údaraithe ag an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola, www.nwcpo.ie).
  • Tógtha go saoráidí údaraithe dramhaíola. Tá liosta de shaoráidí údaraithe ar fáil ag http://facilityregister.nwcpo.ie/

Foirm do Phlean Bainistíochta Acmhainní agus Dramhaíola (pdf)