Comhshaol

Ciste an Gheilleagair Chiorclaigh

Maidir leis an gCiste

Tá sé mar aidhm ag Ciste an Gheilleagair Chiorclaigh tacú le pobail aistriú ón múnla líneach traidisiúnta ‘tógáil-déan-úsáid-diúscair’ i dtreo ‘geilleagar ciorclach’ ina ndéantar acmhainní a athúsáid nó a athchúrsáil oiread agus is féidir, agus ina ndéantar giniúint dramhaíola a íoslaghdú.

Iarratasóirí Incháilithe

I measc na n-iarratasóirí incháilithe i limistéar Riaracháin Chomhairle Contae Chorcaí tá:

  • Scoileanna
  • Grúpaí Pobail agus Clubanna Spóirt
  • Féilte agus Imeachtaí

Tábhachtach: Ní bheidh comhlachtaí tráchtála, brabúis incháilithe.
 

Téama

Tá fócas chiste tionscnaimh 2024 ar Phlaistigh Aonúsáide a laghdú i bpobail. Ní dhéanfar measúnú ach ar iarratais ón téama seo.

Cuirimid fáilte roimh iarratais ó na heagraíochtaí thuas ar mian leo uisce óil a dhéanamh níos inrochtana agus, dá bhrí sin, Plaistigh Aonúsáide a laghdú ina bpobail.

Cuireann an ciste seo leis an rannpháirtíocht rathúil idir Comhairle Contae Chorcaí agus grúpaí pobail inar cuireadh 35 stáisiún athlíonta uisce isteach i scoileanna agus i bhfoirgnimh phobail agus inar suiteáladh stáisiúin hiodráitithe shoghluaiste ar bhonn píolótach ag imeachtaí ar fud an chontae.

Chun Iarratas a Dhéanamh

Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil aon chinnteacht ann go bhfaighfear maoiniú do thionscadail. Tá an ciste teoranta, agus déanfar iarratais incháilithe a mheas ar bhonn iomaíoch. Glacfaidh Comhairle Contae Chorcaí cur chuige cothrom/cóir, agus dá bharr sin, d’fhéadfaí níos lú maoinithe a bhronnadh ar iarratasóirí rathúla ná mar a rinne siad iarratas air.

Ní mór luachan in ainm grúpa na n-iarratasóirí a lorg sula ndéantar iarratas ar an gciste agus ní mór iad a uaslódáil chuig an bhfoirm iarratais.

Is é seo an t-aon deis atá ag na heagraíochtaí thuas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú do thionscadail a bhaineann le Plaistigh Aonúsáide a laghdú, ní ghlacfar le haon iarratas eile lasmuigh den chiste seo.

Spriocdháta d’Iarratais

Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná 5p.m. Déardaoin, an 25 Aibreán 2024. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha in imthosca ar bith.

Spriocdháta do Chríochnú an Tionscadail agus don Tuarascáil a Chur isteach:

NB: Íocfar an deontas i dtráthchuid amháin ar chríochnú an tionscadail agus cuirfear tuarascáil faoi bhráid Chomhairle Contae Chorcaí faoi na spriocdhátaí thíos:

  • Scoileanna / Grúpaí Pobail / Clubanna Spóirt – 1 Samhain 2024
  • Imeachtaí / Féilte - 30 lá tar éis dháta na féile
     

Tuilleadh eolais

Is féidir ceisteanna a chur chuig Oifig Feasachta Comhshaoil Chomhairle Contae Chorcaí ag  cefund@corkcoco.ie nó ar (021) 453 2700.