Comhshaol

Rialú Capall

Tá Comhairle Contae Chorcaí freagrach as dul i ngleic le tuairiscí ar chapaill/mhiúileanna/asail fáin nó as smacht ar réadmhaoin phoiblí amháin.

Tabhair an méid seo a leanas faoi deara:

Má bhíonn capall/miúil/asal ar fáin nó as smacht nó i láthair gan chead ar réadmhaoin phríobháideach, is é úinéir na talún nó an duine atá i gceannas ar an talamh ar a bhfuil an fhreagracht déileáil leis an ainmhí maidir lena chur i bpóna agus maidir le haghaidh a thabhairt ar leas díobhálach más infheidhme. Moltar duit, nó d'úinéir na dtailte, teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus/nó le Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe. 

Má bhíonn capall/miúil/asal ar fáin nó as smacht ar réadmhaoin phoiblí, déan teagmháil le Roinn Tréidliachta Chomhairle Contae Chorcaí ar (021)4285405, Luan go hAoine, 10.00rn - 4.00in. I nGACH cás, ar thailte poiblí NÓ príobháideacha, má mheasann tú go bhfuil capall/miúil/asal fáin ina ábhar contúirte don phobail, cuir an Garda Síochána ar an eolas a luaithe agus is féidir leat.